Robert Molloy
Question:31 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Comhshaoil an bhfuil fhios aige go bhfuil deacrachtaí faoi leith ag comhlach-taí éisc i nGaeltacht Chonamara Thiar a dtáirgí a iompar amach as na monarchana sa cheantar chuig príomhbhóthar an chalafoirt de bharr dhrochstaid an bhóth-air réigiúnaigh agus go bhfuil fostaíocht i mbaol sa cheantar dá bharr, agus an abródh sé cad atá beartaithe aige a dhéanamh faoin deacracht speisialta seo atá ag cur isteach ar fhorbairt tion-sclaíochta i nGaeltacht na Gaillimhe.