Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Apr 1993

Vol. 429 No. 8

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Teilifís na Gaeilge.

Dinny McGinley

Question:

2 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cathain a bhunófar na Coistí Comhairleacha i leith seirbhís teilifíse trí Ghaeilge; cad iad na téarmaí tagartha a bheidh ag na coistí; cad é an bhallraíocht ar gach coiste; cén dáta a mbeidh a dtuairiscí ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina dtaobh.

Trevor Sargent

Question:

5 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i dtreo bhunú Theilifís na Gaeilge ó thaobh an chineáil seirbhíse a bheidh ann, méid na foirne agus coinníollacha oibre, agus clár ama a bhunú agus am oscailte an stáisiúin.

Tógfaidh mé Ceisteanna Tosaíochta Uimh. 2 agus 5 le chéile.

Tá i gceist agam na coistí sin a bhunú go han-luath agus beidh sonraí faoi na téarmaí tagartha agus ballraíocht na gcoistí ar fáil ag an tráth sin.

Maidir leis na nithe eile atá ardaithe sna Ceisteanna, dírím aird na dTeachtaí ar an bhFreagra cuimsitheach a thug mé anseo ar Cheisteanna Uimh. 11, 12, agus 35 ar 9 Márta 1993.

Is mór an trua é, ach cuireann sé míshásamh orm nár bhain an tAire úsáid as an deis seo chun ballraíocht na gcoistí a fhógairt mar go bhfuil tuairiscí ag dul timpeall le cúpla seachtain anuas go mbeidh an bhallraíocht á fógairt ag an deireadh seachtaine. Creideann an tAire go mór ó tháinig sé isteach sa saol poiblí cé chomh tábhachtach agus atá an Dáil agus má tá fógra sollúnta le tabhairt ba chóir é a thabhairt sa Dáil in áit taobh amuigh de.

Ceist ghairid, a Theachta.

Bhí sé ag waxáil go liriciúil faoi thábhacht na Dála le déanaí. An mbeidh an tAire ag fógairt ballraíocht na gcomhchoistí ag Tionól Teilifíse 1994 i nGaillimh ag an deireadh seachtaine?

Is cúis áthais dom an méid dul chun cinn atá déanta agam maidir le bunú theilifís na Gaeilge. Bhí a lán cainte faoi theilifís na Gaeilge ann le fada ach anois tá airgead á chur ar fáil chun struchtúir na seirbhíse a bhunú agus, mar a luaigh mé, tá dhá choiste á gceapadh agam, coiste bunaithe and coiste teicniúil. Mar eolas breise don Teachta, mar tuigim an tsuim atá i gcúrsaí teilifíse agus i dteilifís na Gaeilge ach go háirithe, tá súil agam go mbeidh mé in ann na hainmneacha don choiste bunaithe a fhógairt roimh dheireadh na seachtaine, agus an coiste teicniúil gan mhoill, abair i gceann seachtaine nó dhó.

Maidir le Ceist a 5, ní fheadar an dtuigeann an tAire an leibhéal ard suime atá ag go leor daoine sa cheist — daoine sa Ghaeltacht ach go háirithe, an grúpa ó scoil Dhún Chaoin a bhí sa Teach seo ar maidin — agus sna freagraí a thugtar ar na ceisteanna seo, mar is cinnte go mbeidh gach aon fhocal dá n-abrann an tAire an-luachmhar acu. An bhféadfadh sé, mar sin, roinnt sonraí eolais a thabhairt dúinn a bheadh ina gcabhair do na daoine sin, atá idir dhá chomhairle mar gheall ar an gcineál seirbhíse atá ann, mar shampla, an mbeidh poist bhuana ann nó poist chonartha mar atá coitianta i gcúrsaí craolacháin an lá atá inniu ann. An mbeidh fógraí——

Nach leor sin, a Theachta?

Gabh mo leithscéal. Is faoi choinníollacha oibre a bhí an cheist, agus sin an chúis gur chuir mé é.

Ceist, le do thoil.

An mbeidh fógraíocht ar fáil, cuir i gcás, sa stáisiún seo, mar mhalairt ar fad ar chás Raidió na Gaeltachta, áit nach bhfuil fógraíocht ann. An mbeidh an t-airgead a bhí curtha ar fáil sa cháinaisnéis ar fáil ina iomlán?

Tá na ceisteanna ar fad rófhada.

Tá mé buíoch den Teachta as an oiread suime a nocht sé, mar tá an spéis i gcúrsaí teilifíse for-leathan sa tír seo. Is cóir dó na moltaí atá agam i leith theilifís na Gaeilge a chur in gcomhthéacs na nithe eile atá á ndéanamh agam, is é sin, beidh tábhacht ag baint le fís teilifíse, le cúrsaí scannánaíochta, mar is cóir na nithe atá ar siúl agam a thógáil le chéile. Is cuimhin liom nuair a thosaigh mé ag obair air seo gur luadh meastachán i suirbhé áirithe go raibh níos mó ná 200 post i gceist maidir le teilifís na Gaeilge. Má chuireann tú an tionscal scannánaíochta agus an tionscal fhís teilifíse san áireamh beidh níos mó post ann fós. Tá sé róluath, b'fhéidir, na mionsonraí ar na conarthaí a thabhairt, agus mar sin de; mar is eol don Teachta caithfear seans a thabhairt don choiste bunaithe agus don choiste teicniúil dul i mbun oibre. Ach tuigim go bhfuil sé dáiríre faoin cheist a chuir sé orm agus luaigh sé na daoine atá ag tabhairt cuairte ar an Dáil. Beidh atmaisféar an-dóchasach ann i gcás na ndaoine atá ag smaoineamh ar dhul isteach sna tionscail seo sna blianta atá le teacht.

Is mór an trua nach dtugann an Aire na hainmneacha dúinn agus iad ar an file ansin aige. Caidé an t-údarás a bheidh ag na coistí comhairleacha nuair a bheidh siad in mbun oibre? An coistí comhairle a bheidh iontu nó coistí údarásacha go nglacfar leis an tuairisc a chuireann siad ar fáil, nó ag an Aire é féin a bheidh an chumhacht in ndeireadh báire. Agus cén uair a bhfuil sé ag súil le tuairisc a thabhairt. An mbeidh sé ann roimh deireadh na bliana?

Ar an gcéad dul síos, beidh an coiste ag tabhairt comhairle domsa agus chuir sé an-áthas orm gur ghlac an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh le mo chuireadh feidhmiú mar chathaoir-leach ar an gcoiste bunaithe. Is fear an-chumasach é agus tá urraim mhór dó i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus tá sé ar aon intinn liom go mbeimid ag caint faoi chúpla mí, taobh istigh den téarma a luaigh an Teachta.

Top
Share