Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Apr 1993

Vol. 429 No. 8

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Job Creation.

Pat Rabbitte

Question:

7 Mr. Rabbitte asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he has had, or plans to have, any discussions with the management of a company (details supplied) in County Donegal especially in view of the heavy job losses in the area from other plants; if he has any proposals for increased job creation within Gaeltacht areas; and if he will make a statement on the matter.

Dinny McGinley

Question:

21 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtuigeann sé an ghéarchéim maidir le cúrsaí fostaíochta i nGaeltacht Dhún na nGall faoi láthair agus an ndéanfadh sé gach dícheall na postanna ansin a chosaint agus a chaomhnú chomh maith le postanna nua a bhunú.

Robert Molloy

Question:

91 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén tai-riscint atá aige i dtaobh fostaíocht a mhéadú i réigiúin Ghaeltachta.

Donegal South West): Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 7 agus 21 agus Ceist Scríofa Uimh. 91 le chéile.

Is buille tubaisteach é go bhfuil an máthairchomhlacht sna Stáit Aontaithe chun an tionscal — Telectron na Farraige Móire Teo — atá á reachtáil acu i monarcha de chuid Údarás na Gaeltachta ar an Eastát Tionscail sna Doirí Beaga a dhúnadh agus go gcaillfidh breis is 60 duine a gcuid poist sa chuideachta sin. Tuigtear gur toisc nach bhfuil éileamh ann ar bhonn leanúnach do na táirgí teil-eachumarsáide a dhéanar sa mhonarcha sna Doirí Beaga atá an cinneadh sin déanta ag an máthairchomhlacht.

Le tamall maith anuas bhí mise féin go pearsanta agus ardbhainistíocht an Údaráis i gcomhairle go leanúnach leis an máthairchomhlacht féachaint an raibh aon bhealach ann chun na poist atá i gceist a chaomhnú agus tá gach is féidir déanta chun na críche sin. Mar iarracht dheiridh chuaigh mise i dteannta le Príomhfheidhmeannach agus Leas Phríomhfheidhmeannach (Forbairt) an Údaráis chuig na Stáit Aontaithe le déanaí chun bualadh le hardbhainistíocht an mháthairchomhlachta i dtaobh na ceiste. Is mian liom a threisiú nach easpa chúnamh Stáit breise a thug ar an máthairchomhlacht an tionscal a dhúnadh. Chuir an tÚdarás moltaí áirithe lena mbainfeadh cúnamh Stáit breise faoi bhráid an mháthairchomhlachta maidir le féidearthachtaí éagsúla gnó don mhonarcha sna Doirí Beaga ach, d'ainneoin na dtairiscintí sin, chinn an máthairchomhlacht ar éirí as dhéantúsaíocht ar an láthair sin. Tá an chuideachta sin sásta comhoibriú leis an Údarás, áfach, chun bealaí éagsúla a scrúdú d'fhonn tionscal ionaid a bhunú sna Doirí Beaga in áit Telectron na Farraige Móire Teo. I dtaca leis sin de tá meitheal oibre le bunú go hantapaidh chun an aidhm sin a bhaint amach. Fiú inné bhí cruinníu agam chun clár oibre na meithle a phlé agus tá i gceist agam go mbeidh sé i mbun oibre gan mhoill. Tá curtha in iúl ag an máthairchomhlacht go dtabharfaidh siad tacaí-ocht d'obair na meithle oibre agus go gcomhoibreoidh siad léi.

Anuas ar na poist atá le cailliúint i dTelectron na Farraige Móire Teo agus an 10 bpost i nGarn Teo in Ard an Rátha atá i mbaol, is buille trom eile é do Ghaeltacht Dhún na nGall go bhfuil breis is 30 post le cailliúint i Nuvotem Teo i gCro-ithlí.

Tar éis dom toiliú tamaillín ó shin le togra ón Údarás chun tuilleadh infheis-tíochta uathu a dhéanamh sa chuideachta sin, tá dóchas agam go mbeifear in ann na deacrachtaí iomaíochta atá ag Nuvotem Teo a shárú agus go gcaomhnófar fuíl-leach na bpost sa chuideachta sin.

Is cúis imní líon na bpost a chailltear i dtionscail agus, cé go gcaithfear glacadh leis go mbeidh poist á gcailliúint i gcónaí — go háirithe nuair a bhíonn cúlú eac-namaíochta domhanda ann — bíonn iar-rachtaí á ndéanamh an t-am ar fad chun na caillteanais sin a laghdú oiread agus is féidir. Mar shampla tugtar comhairle agus cúnamh do chomhlachtaí chun iad féin a láidriú go háirithe ó thaobh bain-istíochta agus saineolais theicniúil. Freisin bítear ag iarraidh tionscail a spreagadh chun deiseanna forbartha a thapú a chuirfeadh bonn níos láidre futhu nó a chuirfeadh poist bhreise ar fáil.

Maidir le tuilleadh fostaíochta a chru-thú i nGaeltacht Dhún na nGall agus sa Ghaeltacht i gcoitinne tá gach is féidir á dhéanamh ag an Údarás chun na críche sin. Anuraidh mar shampla cruthaíodh 975 phost nua i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón Údarás ach is é an trua é gur cailleadh 920 post ar chúiseanna éagsúla, rud a d'fhág nach raibh ach glanmhéadú de 55 phost i dtionscail sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis. Den 975 phost a cruthaíodh, bhain 315 phost díobh le Gaeltacht Dhún na nGall agus, den 920 post a cailleadh, bhain 370 post díobh le Gaeltacht Dhún na nGall i.e. glanlaghdú de 55 phost.

Tá comharthaí dóchais ann maidir le fostaíocht a chruthú i mbliana agus amach anseo. I 1992 cheadaigh an tUd-arás 570 togra don Ghaeltacht i gcoitinne le sprioc fostaíochta de 1,440 post iontu nuair a bheadh na tograí faoi lánseol. Bhain timpeall 200 de na tograí sin le Gaeltacht Dhún na nGall le breis agus 500 post iontu ach iad a bheith faoi lánseol.

Sa chéad ráithe den bhliain reatha cheadaigh an tÚdarás 150 togra don Ghaeltacht i gcoitinne le sprioc fostaíochta de 340 post iontu nuair a bheadh siad faoi lánseol. Bhain 53 de na tograí sin le Gaeltacht Dhún na nGall le breis is 160 post iontu ach iad a bheith faoi lánseol. Chomh maith leis sin tá tograí eile ar ceadaíodh cúnamh dóibh i mblianta roimh 1992 a bhfuil fostaíocht á cruthú iontu de réir a chéile.

Tá fostaíocht shéasúrach/pháirt-aimseartha an-tábhachtach don Ghaeltacht mar cuireann sí le maoin agus ionc-aim áitiúil. I 1992 mhéadaigh líon na bpost sin faoi scáth an Údaráis sa Ghael tacht de 320 post, i.e., ó 2,260 post i 1991 go dtí 2,580 post i 1992. Bhain 40 post den 320 post sin le Gaeltacht Dhún na nGall.

Faoi mar is eol do Theachtaí is obair fhíordheacair í poist a chruthú sa Ghaeltacht ag cur san áireamh na deacrachtaí móra a bhíonn le sárú ag an Údarás, ar a n-áirítear laigeachtaí bhunstruchtúr na gceantar Gaeltachta, agus iad ag iarraidh tograí fiúntacha a aimsiú le lonnú inti. Táim sásta go bhfuil aghaidh á tabhairt go dícheallach ag an Údarás ar an obair sin.

Thug an tAire Stáit freagra an-fhada ansin ach nach n-aont-ódh sé, agus gach rud ráite, go bhfuil géarchéim fhostaíochta sna Gaeltachtaí go léir, agus go speisialta i nGaeltacht Thír Chonaill; agus go bhfuil an cás go holc, go bhfuil níos mó post á gcailliúint ansin ná tá á gcruthú i láthair na huaire. An aontódh an tAire Stáit chomh maith nach inniu nó inné a chinntigh an comhlacht atá i gceist tarraingt amach as Tír Chonaill, ach roinnt blianta ó shin nuair a bhí 220 ag obair ann sa mhonarcha agus 63 anois; tá an cinneadh déanta le tamall fada. Agus an cheist deireanach: an bhféadfadh an tAire Stáit a rá, cén uair a bheidh an meitheal oibre i mbun oibre ar thionscail úra don mhonarcha seo.

(Donegal South-West): Glacaim leis na fíricí go raibh 220 nó níos mó ag obair ansin i rith na n-ochtóidí agus nach bhfuil ach 60 ansin anois. Ach, ar ndóigh, thug mé féin cuairt ar an Bhreatain anuraidh ar 10 Márta 1992, i gcomhar le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta nuair a chonacthas dúinn go raibh an cinneadh á ghlacadh agus chuireamar ina luí ar an bhainistíocht sa Bhreatain cé chomh tábhachtach agus a bhí sé na jabanna seo a chaomhnú. Dúirt muid leo, dá mbeadh deacrachtaí acu leis na táirgí a bhí á dtáirgeadh ansin, tá an comhlacht sin chomh mór sin agus réimse leathan cuimsitheach earraí á dtáirgeadh acu gur cheart táirg-eadh eile a aistriú. Glacadh leis an moladh sin ag an am. Ina dhiaidh sin, is é an ceardchumann, chun an fhírinne a rá, a ghlaoigh orm faoi seo. Bhí cruinniú agam leis an bhainistíocht anseo i mBaile Atha Cliath, leis an stiurthóir bainist-íochta ón Bhreatain; in a dhiaidh sin d'iarr mé cruinniú leis an leasuachtarán sna Stáit Aontaithe agus an stiurthóir atá acu thall agus chuireamar moltaí éagsúla faoi bhráid na hardbhainistíochta ansin. Chuireamar ina luí orthu go mbeimis sásta airgead a chur ar fáil i bhfoirm dheontais fhorbartha agus taighde, agus deontais le haghaidh traenála agus atraenála ach ní raibh an comhlacht sásta glacadh leis sin. Ceapaim go gcruthaíonn sé sin go bhfuil tréaniarracht déanta againne. Ní fadhb airgid atá ann ach fadhb éilimh ar na hearraí atá á dtáirgeadh ansin i láthair na huaire.

Bhíomar sásta i gcónaí, i gcomhar le hÚdarás na na Gaeltachta, cabhair a thabhairt don chomhlacht seo. Maidir leis an meitheal oibre, bhí plé ag an Aire agus mé féin leis an cheardchumann agus leis an fhoireann an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath agus chinneamar go mba cheart meitheal oibre a chur ar fáil, os rud é go bhfuil monarcha ansin agus gur le hÚdarás na Gaeltachta é; go bhfuil innealra ann, foireann oilte agus gur cheart díriú ar an cheist seo chun comh-lachta eile a bhunú agus táirgí ar an dul seo a tháirgeadh ansin. Mar a thug mé le fios cheana bhí cruinniú agam inné faoi seo agus tá súil agam go mbeidh an meitheal oibre i gceann oibre go luath agus go mbeidh seans ann cuairt a thabhairt ar an mhonarcha go luath chun iad féin a chur ar an eolas.

Tá ceist agam ar an Aire i dtaobh Ceist a 7 in ainm an Teachta Rabbitte. Cad a bheas ar bun ag an meitheal oibre seo nach féidir le hÚdarás na Gaeltachta a dhéanamh? Cé hiad na baill atá air? An bhfuil sé bunaithe i mBaile Átha Cliath nó sna Doirí Beaga? An cúram na monarchan sna Doirí Beaga amháin a bheas ar an meitheal nó an mbeidh cúraimí eile i gceist?

(Donegal South-West): Beidh an meitheal oibre ag dul i mbun oibre laistigh de dheich lá. Beidh aire á dhíriú ar an mhonarcha seo os rud é — mar a dúirt mé leis an Teachta McGinley i mo freagra ar a fho-cheist — gur leis an Údarás an mhonarcha, go bhfuil an t-innealra ag gabháil leis, ann mar aon le foireann oilte agus bunstruc-túr. Táimid den bharúil gur cheart tograí eile a aimsiú don mhonarcha seo. Tabh-arfaidh siad cuairt ar an mhonarcha — ní féidir a bheith ag caint faoi chaomhnú postanna agus táirgeadh earraí ann gan cuairt a thabhairt uirthi i dtosach.

Beidh duine amháin ar a laghad ar an meitheal sin atá taithíoch ar an dtionscal seo. Beidh duine ar an meitheal oibre ó ATT — os rud é go bhfuil táirgí na monarchan á ndíol ar fud an domhain b'fhéidir go mbeidh cuidiú margaíochta ar fáil uathu. Tá súil agam go mbeidh duine eile ann ag déanamh ionadaíochta thar ceann fhoireann oibre na mhonarcha i láthair na huaire agus go mbeidh ionadaí ó Bhord Telecom ar an meitheal comh maith, os rud é go gceannaíonn an Bord táirgí cosúil leis na táirgí atá i gceist anseo.

Beidh mé ag iarraidh ar an meitheal tuairisc a ullmhú dom taobh istigh de dhá mhí nó mar sin le cur os comhair an Aire sinsir.

An bhfuil imní ar an Aire óir nach bhfuil líon na ndaoine atá fostaithe sna ceantair Ghaeltachta ag dul i méid. Nuair a chuirtear an slua maith daoine atá fostaithe ag an Údarás ann san áireamh bíodh is go bhfuil futhu tionsclaíocht agus fostaíocht a chur chun cinn sna Gaeltachtaí, is léir ón tuairisc a thug an tAire dúinn inniu go bhfuil postanna á gcailliúint de réir mar atá postanna nua dá chruthú. Nuair nach bhfuil méadú ag teacht ar líon na bpost ann, an bhfuil gá le hathrú polasaí chun a chinntiú go mbeidh na postanna nua níos seasmhaí ná mar a bhí go dtí seo. Is í mo cheist ar an Aire ná cén tairiscint atá aige le líon na bpost a mhéadú sna réigiúin Ghaeltachta agus ní dóigh liom gur fhreagair sé fós í. An bhfuil sé de chumas ag an Údarás deontais, iasachtaí agus cabhair eile a thairiscint le go meall-faí tionscail go dtí na ceantair Ghaeltachta? An dtig leis an Údarás suimeanna airgid a thairiscint de bhreis ar thairiscintí an IDA? Cén buntáiste atá ag an Údarás seachas an IDA?

(Donegal South-West): B'fhéidir go bhfuil freagra na ceiste sin ag an Teachta féin. Bain an tÚdarás amach as na ceantair Ghaeltachta agus feicfear cé mhéad jabanna a chruthófar ann ansin.

Postanna seasmhacha.

(Donegal South-West): Goilleann sé go mór orm nach bhfuil breis postanna dá chruthú. Cruth-aíodh thart ar 975 phostanna anuraidh ach cailleadh 920 postanna. Athruithe in éileamh ar na hearraí a tháirgítear ann is bun leis an gcailliúint. Maidir le polasaí, táimid ag díriú anois ar phostanna a chao-mhnú; tá sé fíor-riachtanach go n-éireodh linn. Tig liom mo lámh a chur ar mo chroí agus a fhógairt nár cailleadh post amháin ceal airgead breise ón Roinn, ón Údarás ná ón Rialtas. Sampla ná Telectron na Farraige Móire ar cuireadh tairiscintí rompu ach nach raibh an comhlacht sásta airgead breise nó deontas a ghlacadh faoi choinne athstructúrú nó atraenáil, tai-ghde nó forbairt.

Admhaím go bhfuil deacrachtaí againn ach nuair a chuirtear an tÚdarás i gcomparáid leis an IDA níl morán difir idir rátaí deontais an dá eagrais. Is cuimhin liom anuraidh go raibh dhá chomhlacht sa tír, ceann i gCill Chainnigh agus an ceann eile i dTír Chonaill a raibh an máthair chomhlacht céanna acu agus is é an comhlacht i dTír Chonaill a fuair na deontais ab airde, chun an comhlacht a mhealladh go dtí an taobh sin tíre.

Táimid ag déanamh ár ndíchill i gcomhair leis an Údarás chun postanna a chruthú. Tá soláthar maith airgid i bhfoirm caipitil, airleachain agus airgead reatha á chur ar fáil don Údarás. Lean-faimid leis an obair atá ar an gclár againn. B'fhéidir nár mhiste dom a rá gur chas mé le bord an Údaráis mar Aire Stáit uair ar bith ar iarr siad cruinniú orm.

Tá ceist agam nár freagraíodh go fóill. D'fhiafraigh mé den Aire cé hiad na baill atá ar an meitheal oibre. Dúirt sé gur cheap sé go mbeadh ionadaithe air ó ATT, agus ó Bhord Telecom; níor luaigh sé ionadaithe ón Údarás, ón ceardchumainn ná ón Roinn, fiú.

Is í mo cheist bhunúsach ná cad a bheas ar siúl ag an meitheal oibre seo nach féidir leis an Údarás a dhéanamh?

(Donegal South-West): Cheap mé go raibh sé intuigthe go mbeadh ionadaí ón Údarás ar an meitheal sin. Beidh ionadaí ón Údarás ar an meitheal. Dúirt mé freisin go mbeadh ionadaí ón bhfoireann oibre ar an meitheal agus mar sin beidh ball de cheard-chumann air. Ní bheidh ionadaí ón Roinn air ach coinneoidh an tAire agus mé féin súil ghéar air agus casfaimid le baill an mheithil chomh minic agus is féidir.

Ní rud nua é an meitheal. Beidh taithí faoi leith ag baill áirithe den mheitheal agus díreofar aire ar an dtionscal. B'fhéidir nár mhór a chur ina luí ar na Teachtaí gur tharla sé seo an tseachtain seo caite. Níl an bhallraíocht——

Bhí cruinniú ag an Aire——

(Donegal South-West): Níl uisce faoi thalamh i gceist anseo; tá gach rud glan sábháilte. Tá mé ag obair ar an mheitheal oibre seo le seachtain ó tháinig cinneadh ón mhathairchomhlacht Dé Céadaoin seo caite. Tá mé ag obair lá agus oíche ó shin chun jabanna a shábháil ar son 63 duine atá ag obair sa mhonarcha. Tá gach duine sa ghnó seo ag déanamh a ndíchill. Beidh ionadaíocht ag na comhlachtaí sa cheist ar an meitheal oibre agus chomh luath agus a bheidh ainmneacha na mball agam beidh mé sásta iad a fhógairt.

Cé mhéad duine a bheas ar an meitheal oibre? An bhfuil sé sin socraithe go fóill?

(Donegal South-West): Beidh seisear nó seachtar air.

Top
Share