Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Apr 1993

Vol. 429 No. 8

Written Answers. - Caitheachas ar Bhóithre.

18. D'fiafraigh

den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl an méid airgid a chuir a Roinn ar fáil i 1993 le haghaidh feabhsúcháin bóithre; an caighdeán a cuireadh i bhfeidhm chun a shocrú conas agus cá háit ar chóir an t-airgead seo a chaitheamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi gach gné den cheist seo.

Donegal South-West): Soláthar £200,000 atá ar fáil i mbliana chun freastal ar Scéim na mBóithre Áise de chuid mo Roinne-se.

Níl ach £7,500 ceadaithe go dtí seo i mbliana mar dheontais chun dhá bhóthar a dheisiú. Is iad gnáth-riachtanais mo Roinne go mbeadh bóthar ag freastal ar dhá theach ar a laghad nó ar dheichniúr go talamh nó portach.

Top
Share