Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 May 1993

Vol. 430 No. 3

Written Answers. - Coláistí Samhraidh Gaeilge.

Pat Cox

Question:

164 D'fhiafraigh Mr. Cox den Aire Oideachais an gcuirfidh sí in iúl an méid cabhrach a thugann a Roinn do Choláistí Samhraidh Gaeilge, an líon daltaí a bhaineann tairbhe astu agus miontuairisc maidir le haon mhéaduithe i 1993; agus an ndéanfaidh sí raiteas faoin gceist seo.

Íocann mo Roinn deontaisí i leith táillí teagaisc do choláistí samhraidh Gaeilge i leith daltaí a fhreastalaíonn ar chúrsaí a aithnítear faoi na rialacháin atá leagtha síos ag mo Roinnse. I 1992, d'fhreastail 22,776 daltaí ar na cúrsaí seo, agus d'íoc mo Roinnse £473,170 le haghaidh chúrsaí i 62 coláiste samhraidh Gaeilge.

Íoctar deontas caipitíochta de réir scála bunaithe ar thinreamh na ndaltaí agus aicme an chúrsa; i 1993 íoctar uasmhéid de £23.00 nó £25.00per capita ag brath ar aicme an chúrsa. Sin ardú de £1.50 an duine thar an ráta deontais a íocadh i 1992.

Top
Share