Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 11 May 1993

Vol. 430 No. 5

Written Answers. - Chontae na Gaillimhe Mheánscoil.

Robert Molloy

Question:

212 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an gcuirfeadh sí in iúl an bhfuil sí sásta glacadh leis an iarratas atá déanta ag muintir Inis Oírr go mbeadh an mheánscoil ar an oileán faoi chóras Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas sa chás.

Tá togra faighte ag mo Roinn ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe chun cúram na scoile atá i gceist a ghlacadh orthu féin. Tá an scéal á chíoradh sa Roinn faoi láthair.

Top
Share