Is í mo cheist ar an Aire Oideachais ná an bhfuil sí sásta glacadh leis an iarratas ó mhuintir Inis Oirr, Árann, Contae na Gaillimhe agus ó Choiste Gairmoideachas Chontae na Gaillimhe go gcuirfear an meánscoil ar an oileán sin faoi chúram an Choiste Ghairmoideachas agus an ndéanfadh sí ráiteas i dtaobh na ceiste seo.
Is trua nach bhfuil an tAire anseo inniu chun an cheist a fhreagairt ach is dóigh go bhfaighfidh sí eolas uirthi agus tá an tAire Stáit anseo thar ceann na Roinne. Mar is eol don Aire, tá Inis Oírr lonnaithe 30 míle amach ó chósta na Gaillimhe. Tá 43 dalta ag freastal ar bhunscoil an oileáin agus tá beirt múinteoir fostaithe ann. Muna mbeidh meánscoil ar an oileán beidh ar na daltaí sin freastal ar mheánscoil ar an mórthír. De réir na Roinne, chosnódh sé sin £2,000 an dalta, nó costas £40,000 san iomlán ar an Stát.
Bunaíodh an mheánscoil eisceachtúil seo sa bhliain 1985 ar bhunús sealadach. Tá gach duine sásta leis an chaoi a d'fhorbair sí — múinteoirí, tuismitheoirí, daltaí agus muintir an oileáin. Níl a fhios acu, áfach ó bhliain go bliain cad a tharlóidh don scoil mar gur scoil shealadach í.
Ag cruinniú poiblí ar an oileán nocht na daoine a n-imní agus socraíodh iarratas a chur chuig Coiste Ghairmoideachais Chontae na Gaillimhe féachaint an mbeadh an coiste sásta cúram na scoile seo a ghlacadh. D'fhreagair an coiste go rabhadar sásta é sin a dhéanamh agus tá an t-iarratas anois leis an Roinn Oideachais. Tá suas le 20 dalta ag freastal ar an meánscoil faoi láthair agus tá an-chuid áiseanna de dhíth uirthi nach bhfuil ar chumas mhuintir an oileáin a chur ar fáil.
Chun an modh oideachais sa scoil a fheabhsú agus áiseanna oiriúnacha a chur ar fáil creideann muintir an oileáin gur chóir go mbeadh an scoil faoi chúram Roinn éigin Stáit, seachas an bhunús sealadach atá aici faoi láthair. Tá siad ag iarraidh ar an Aire glacadh lena n-iarratas le go gcuirfear an scoil ar bhonn seasmhach.
Phléigh na hoileánaigh gach gné den cheist seo agus tá siad sásta gurb é seo an dóigh is fearr le todhchaí na scoile a chinntiú.
Deir an Roinn Oideachais go bhfuil an t-iarratas á phlé ag a roinn phleanála agus nach bhfuil aon chinneadh déanta fós. Beidh an scoilbhliain seo ag críochnú go luath áfach agus ní mór cinneadh a dhéanamh gan mhoill ionas go mbeidh a fhios ag muintir an oileáin conas mar a bheidh an scéal roimh thosach na scoilbhliana nua.
Tá súil agam go mbeidh an tAire ábalta a chur in iúl dúinn inniu go nglacann sí leis an t-iarratas i bprionsabal, agus go rachaidh sí ar aghaidh leis na réitigh éagsúla atá riachtanach le go gcuirfear an mheánscoil seo faoi chúram Choiste Ghairmoideachas Chontae na Gaillimhe.