(Donegal South-West): Tógfaidh mé Ceisteanna 7 agus 34 le chéile.
Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach cheana maidir le scéim na mbóithre aise de chuid mo Roinne-se, is gnách go mbíonn bóthar ag freastal ar dhá theach cónaithe ar a laghad, nó ar dheich líon tí i gcás bóthair phortaigh nó talún, chun deontas a thuilleamh. Bíonn ar iarratasóirí foirm iarratais a líonadh nuair a bhíonn cuidiú á lorg faoin scéim seo. Ní miste a lua chomh maith go dtugtar cúnamh ó am go chéile i gcásanna eisceachtúla, mar shampla, píosa de bhóthar contae a bhfuil deisiú de dhith go géar air. I gcás mar sin bíonn ar an údarás áitiúil sciar de chostas na hoibre a sheasamh.
Níl sé beartaithe faoi láthair an bunchóras atá i bhfeidhm a athrú ó thaobh na n-údarás áitiúla de. Is iad a chuireann na meastacháin chostais cuí ar fáil agus a dhéanann an obair, de ghnáth, ar son mo Roinne-se. Is léir uaidh sin go bhfuil ról tábhachtach cheana féin ag an húdaráis áitiúla in oibriú na scéime.
Faoi mar a dúirt an tAire féin sa Dáil le déanaí, áfach, nuair a bhí meastacháin na Roinne á bplé ag an Roghchoiste um Ghnóthaí Sóisialta, tá scrúdú á dhéan amh faoi láthair ar oibriú na scéime, ar a n-áirítear ról na n-údarás áitiúla.