Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 2 Jun 1993

Vol. 431 No. 7

Written Answers - Údarás na Gaeltachta.

26. D'fhiafraígh

den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an raibh aon chruinniú foirmeálta idir é féin agus Bord Údarás na Gaeltachta; cén clár oibre a bhí ag an chruinniú agus na hábhair a pléadh; agus an bhfuil aon chruinnithe eile beartaithe.

Bhuail mé le Údarás na Gaeltachta ar 16 Aibreán. Ba í aidhm an chéad chruinnithe sin ná plé ginearálta a dhéanamh agus tuairimí a mhalartú faoi fhorbairt na Gaeltachta agus chur chun cinn na Gaeilge agus faoi pholasaithe agus gníomhaíochtaí an Údaráis chun na críche sin. Seo a leanas na príomhábhair a ardaíodh:

—fadhb na dífhostaíochta sa Ghaeltacht agus an riachtanas go dtabharfar faoi réiteach na faidhbe sin mar ghnó práinneach;

—líon na bpost a chailltear sa Ghaeltacht gach bliain a chealaíonn beagnach iomlán na bpost a chruthaítear sa bhliain chéanna agus an gá do chéimeanna a ghlacadh go tapaidh chun an fhostaíocht atá ann a chaomhnú agus fostaíocht bhreise a chruthú;

—an Comhphobal Eorpach agus an leas is ceart a bhaint as cláir éagsúla an Chomhphobail ar mhaithe leis an nGaeltacht;

—ról ag an Údarás i bhforbairt thionscal na turasóireachta sa Ghaeltacht;

—an ceangal idir an Údarás agus eagraíochtaí forbartha eile;

—bunstruchtúr na Gaeltachta a fheabhsú;

—bunú Theilifís na Gaeilge; agus

—cumhachtaí breise don Údarás.

Ba é seo an chéad chruinniú a bhí agam leis an Údarás mar Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus, cé nár socraíodh dáta le haghaidh cruinnithe eile, tá sé ar intinn agam agus ag an Aire Stáit ag mo Roinnse bualadh leo go rialta as seo amach ar mhaithe le caidreamh agus comhoibriú chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá áthas orm a chur in iúl don Teach go raibh cruinniú an-fhiúntach agam chomh maith leis an gceardchumann MSF ag ar pléadh, i measc nithe eile, na hábhair thuasluaite.

Top
Share