Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit as ucht teacht anseo tráthnóna agus tá áthas orm go bhfuil an tAire Stáit Ghaeltachta i láthair mar go mbaineann an cheist seo le scoil Ghaeltachta, agus le hoileán, an cineál faidhbe atá sé féin agus mé féin mar Theachtaí Dála ag plé leis chuile lá. An scoil atá i gceist anseo ná bunscoil Inis Meáin. Bhí, de réir rialacha na Roinne, múinteoir amháin ón scoil sin le cur ar an bpainéal agus tuigtear dom gur déanadh amhlaidh nuair a thit líon na scoláirí faoin líon ina gcoinnítear beirt oide i scoil. Tuigtear dom go bhfuil méadú le teacht ar na huimhreacha sin agus go mbeidh 25 dhuine sa scoil an fómhar seo chugainn. Ar an ábhar sin bheinn ag súil go mbainfí an múinteoir den phainéal agus go bhfágfaí an dara hoide sa scoil.
Ba cheart ceist líon múinteoirí i scoileanna dhá oide atá ag dul a chailliúint múinteoirí go mórmhór in áiteanna ar nós oileáin nach féidir cónascadh a dhéanamh a thógail go ginearálta. De réir mar a thuigimse é ba thragóid é d'oileán, nó áit mar sin, dá gcaillfí an dara múinteoir. Níl aon amhras ann ach gur fearr i bhfad níos mó ná dhá oiread an scoil le dhá oide ná aon oide amháin agus go bhfuil sé ag cur ualach dochreidte ar oide bheith ag múineadh mar oide aonarach. Is é mo bharúil go ginearálta nach ceart go gcaillfeadh aon scoil dhá oide an dara hoide go dtí go mbeadh na lión na ndaltaí chomh híseal le 15 dhuine. Ceapaim go bhfuil sé mídhaonna, ó thaobh na ngasúr agus ó thaobh na múinteoirí de, go mbíonn ar mhúinteoirí múineadh i scoileanna gan aon tacaíocht, gan aon chomhluadar fásta.
Mar atá ráite cheana, tá fadhbanna árachais ann agus fadhbanna freagrachta má éiríonn gasúr tinn. Má éiríonn m úinteoir tinn, cén chaoi a bhfaighfí cúnamh mura bhfuil an dara duine fásta ann le haire a thabhairt do ghnóthaí na scoile? Sa chás seo tá an scoil lonnaithe i gceann de na Gaeltachtaí is saibhre agus is láidre sa tír. Is oileán é Inis Meáin go bhfuil an Ghaeilge chomh láidir ann is a bhí riamh agus gura fada buan mar sin é. Má thosaítear ag baint an infrastruchtúir den oileán agus má bhaintear na múinteoirí as na scoileanna, titfidh an pobal sin as a chéile agus ní hé go n-iompóidh na daoine ar an mBéarla ach is éard a tharlóidh ag an deireadh nach mbeidh pobal ar bith ann, gur oileán tréigthe ar nós na mBlascoidí a bheidh ann agus go mbeimid ag tógáil iarsmalainne i gcuimhne an phobail.
Ba thragóid dhúbailte i gcás Inis Meáin é sin mar tá éirithe leis an bpobal, agus go mórmhor le fear amháin atá tar éis monarcha a chur ar bun a bhfuil saothrú ann do os cionn 30 duine, tionscal a chur chun tosaigh ar an oileán agus, ar an gcaoi sin, tá todhchaí ag an oileán. Is mór le rá ag an oileán sin, mar shampla, go bhfuil luach £1m de tháirgí-olann idir gheansaithe agus éadach á gcur thar sáile acu chomh fada as baile leis an tSeapáin agus go bhfuil siad ar cheann de na honnmhaireoirí is mó sa tír sna gnóthaí seo. Is oileán é go bhfuil an oiread sin dul chun cinn taispeáinte acu gur thragóid bhreise é dá dtosófaí ag baint na dúshraithe de mar go ndeachthas faoi bhun uimhir dalta atá leagtha síos ag an gcóras maorlathach nach dtuigeann fíorfhadhbanna na ndaoine atá ina gcónaí sna ceantair seo. Ar an ábhar sin táim ag iarraidh ar an Aire Stáit breathnú go báúil ar an gcás seo, agus a dhéanamh cinnte ní amháin go bhfágfaí an múinteoir sa scoil seo i mbliana ach go bhféachfaí chuige go gcoinnneofaí an leanúnachas agus go n-athrófaí na rialacha sa chaoi is go mbeadh beirt oide ar a laghad i chuile scoil ar chuile oileán sa tír mar gan é sin, ní oileán le cónaí orthu a bheadh iontu ach oileáin tréigthe. Tá fadhb ann in Inis Mór, maidir leis an gceist seo, agus is amhlaidh an scéal ar Inis Bó Finne. Beidh fadhb ar an dul seo in Inis Oírr amach anseo agus, mar sin, ní fadhb é a bhaineann le hInis Meáin amháin, ach a bhaineann leis na hoileáin ar fad. Bheinn ag súil go bhfaighfí réiteach gearrthéarmach air seo agus go dtabharfaí aghaidh ar an gcás speisialta seo ionas go ndéanfaí eisceacht speisialta de na hoileáin sna cúrsaí seo.