Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Jun 1993

Vol. 432 No. 1

Written Answers. - Departmental Working Hours.

Richard Bruton

Question:

203 Mr. R. Bruton asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the total number of hours of overtime worked, in the most recent twelve month period for which figures are available, by persons employed by his Department or by public bodies under the aegis of his Department; the proportion this represents of total man hours worked; and the impact the proposed EC Directive or working hours will have on reducing this level of over-time.

I gcás Roinn na Gaeltachta ba é 89.5 uair méid na n-uaire ar íocadh ragobair ina leith a oibríodh i 1992. Níor choimeádadh sonraí faoi mhéid iomlán na n-uaire a d'oibrigh foireann na Roinne sin i 1992 arbh í 70 duine a líon ag deireadh na bliana sin. Is seachtain oibre 41 uaire (am le haghaidh lóin san áireamh) atá i bhfeidhm.

Bhí na rannóga eile agus institiúidí atá mar chuid de mo Roinnse anois (i.e., an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta) faoi Ranna/Oifig eile anuraidh.

Maidir leis na Boird Stáit faoi scáth mo Roinne is monatóireacht ghineáralta a dhéantar ar chúrsaí ar nós ragoibre agus níl an t-eolas sonrach atá iarrtha i leith ragoibre ag mo Roinnse.

Beidh impleachtaí Threoir an Chomhphobail Eorpaigh faoi uaire oibre atá á plé faoi láthair le breithniú.

Top
Share