Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Jul 1993

Vol. 433 No. 7

Written Answers. - Allenwood Power Station.

Bernard J. Durkan

Question:

123 Mr. Durkan asked the Minister for Transport, Energy and Communications if he has received a copy of a motion passed unanimously by Kildare County Council calling on him to arrange for the return to full operation of the Allenwood power station, County Kildare; if he has considered this motion; whether he intends to respond favourably; if he will accede to the request incorporated therein; and if he will make a statement on the matter.

I have noted the motion passed by Kildare County Council. The board of the ESB has made recommendations to me on the future of Allenwood Power Station which I am considering.

Trevor Sargent

Question:

124 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad airgid atá tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlacht (sonraí tugtha) agus cad iad na cúinsí faoinar tugadh an t-airgead sin.

Trevor Sargent

Question:

125 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil ionad comhlachta (sonraí tugtha) ag Cionn Droma taobh istigh den Ghaeltacht; agus mura bhfuil, cén chaoi a bhfuair sé airgeadú ón Údarás.

Trevor Sargent

Question:

126 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta airgeadú a dhéanamh ar ionad nua comhlachta (sonraí tugtha) ag an Rinn Mhór, Fánaid agus má tá, cé mhéad airgid atá á chur ar fáil acu.

Donegal South-West): Tógfaidh mé Ceisteanna 124, 125 agus 126 le chéile.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta:

—go bhfuil deontais de £1.693.720 ceadaithe agus as sin tá £1.431.793 íoctha i gcás an ghrúpa cuideachtaí i gceist. Is chun gnó fheirmeoireacht agus phróiseáil éisc a fhorbairt ar mhaithe le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht atá an cúnamh sin ar fáil;

—go bhfuil ionad an chomhlachta ag Cionn Droma sa Ghaeltacht; agus

—go bhfuil cúnamh don aonad ag an Rinn Mhór san áireamh sa tsuim do dheontais cheadaithe a luaitear thuas ach, toisc gur i 1989 a ceadaíodh an cúnamh sin agus nach bhfuarthas cead pleanála don aonad ach le déanaí, go mbeidh athbhreithniú le déanamh ar mhéid an chúnaimh sin de bharr imeacht aimsire.

Éamon Ó Cuív

Question:

127 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an féidir leis a dhearbhú, maidir leis an tseirbhís nua teilifíse trí Ghaeilge atá beartaithe ag an Rialtas go mheidh tús curtha léi i 1994, go mbeidh sí ar fáil sna ceantair Ghaeltachta ón tús, nach mbeidh ar theaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil aeróg VHF acu faoi láthair costas breise a chur orthu féin le haeróg nó trealamh ar bith nua a cheannach nó a shuiteáil chun go mbeidh fáil acu ar an tseirbhís nua trí Ghaeilge.

Tá socraithe ag an Rialtas gur ar RTE a leagfar an cúram an bonneagar craolacháin a thógáil don tríú cainéal teilifíse, Teilifís na Gaeilge. Chuige seo déanfar forbairt ar an mbonneagar ar bhonn céimnithe.

Tá Coiste Teicniúil ceaptha agam a chuirfidh moltaí ar fáil dom maidir le gnéithe éagsúla teicniúla de bhunú an chainéil nua. I measc na nithe atá le plé ag an gCoiste tá:

(i) an bealach is fearr ar féidir an soláthar airgid a chuir an Rialtas ar fáil don togra seo don bhliain 1993, £4.5m, a úsáid chun an glacadh is forleithne is féidir a chinntiú do chraolta na seirbhíse ón tús; agus

(ii) an túsdáta craolta is luaithe is féidir a bhaint amach.

Tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí dom aon tuairimíocht a dhéanamh roimhré faoi aon mholtaí a bheidh i dtuarascáil an Choiste Teicniúil.

Top
Share