Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1993

Vol. 435 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais do Thithe sa Ghaeltacht.

Éamon Ó Cuív

Question:

8 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé athbhreithniú ar an gcuid sin d'Acht na dTithe Gaeltachta a dhícháilíonn imirceoirí ó dheontais tí má bhíonn teach á thógáil acu fad agus a bhíonn siad as baile, fiú má thagann siad abhaile nuair a bhíonn an teach tógtha agus má dhéanann siad buanchónaí ann.

, Donegal South-West): Cé go bhfuil cúnamh faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) teoranta d'iarratasóirí a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Ghaeltacht, tá scéim eile ag mo Roinnse a chabhraíonn leis na daoine atá i gceist ag an Teachta. Faoi Scéim Spreagtha na Gaeilge is féidir le hiarratasóirí ar diúltaíodh deontas dóibh chun teach nua a thógáil, de bhrí nach raibh gnáthchónaí orthu sa Ghaeltacht, cúnamh a fháil ón Roinn má éiríonn leo teach nua a thógáil sa Ghaeltacht agus dul chun cónaí ann laistigh de thréimhse ceithre bliana. Is féidir an cúnamh sin a fháil anuas ar dheontas teach nua de chuid na Roinne Comhshaoil. Níl sé i gceist agam, mar sin, an coinníoll maidir le gnáthchónaí a athrú ag an bpointe seo.

An nglacfadh an tAire Stáit leis go bhfuil traidisiún an-láidir i measc daoine sna Gaeltachtaí dul ar imirce nuair atá siad óg agus filleadh abhaile nuair a phósann siad agus nuair a thosaíonn siad ag tógáil clainne? Go hiondúil, áfach, tosaíonn siad ag tógáil tí sula dtagann siad abhaile. An nglacfadh an tAire leis go bhfuil sé seo ag tárlú go mórmhór agus go forleathan i gConamara agus go bhfuil go leor daoine dícháilithe ó na deontais Ghaeltachta?

An nglacfadh sé leis freisin nach ionann na coinníollacha a bhaineann leis na deontais ón Roinn Comhshaoil agus na coinníollacha a bhaineann leis na deontais ó Roinn na Gaeltachta?

(Donegal South-West): Mar adúirt mé sa fhreagra, duine ar bith atá ar tí teacht abhaile taobh istigh de thréimhse ceithre bliana, agus a fhaigheann na deontais a bhí ann go dtí seo, £2,000 ón Roinn Chomhshaoil agus anois £3,000, is féidir suas le £800 a fháil ó Roinn na Gaeltachta má thagann siad abhaile taobh istigh de thréimhase dhá bhlian. Dá bhrí sin ní chailleann siad ach £200 má fhaigheann siad na deontais eile.

Tá mé cinnte go dtuigeann an tAire Stáit é féin go maith na deacrachtaí móra a chothaíonn an coinníoll seo. Is é an fáth go bhfuil an deacracht ann ná nach ionann na coinníollacha a théann le deontas na Roinne Comhshaoil agus deontas na Roinne Gaeltachta. Mar shampla, sa Roinn Comhshaoil tá teora le achar tí. Fágann sé seo go bhfuil go leor daoine a thóg tithe úra sa Ghaeltacht ag cur isteach ar dheontais Ghaeltachta ach teipeann orthu iad a fháil mar nach raibh buan-chónaí orthu sa Ghaeltacht ag an am cé gur tháinig siad ar ais gan mhoill ina dhiaidh sin nó mar go raibh an teach ró-mhór i gcás na Roinne Comhshaoil. Tá roinnt daoine i nGaeltacht Dhún na nGall ar tharla sé sin dóibh. Tá mé cinnte go bhfuil a fhios sin ag an Aire Stáit agus mar adúirt an Teachta Ó Cuív tá an rud céanna amhlaidh i gConamara agus ní éiríonn leis na daoine sin deontas de chineál ar bith a fháil.

(Donegal South-West): Maidir le coinníollacha na Roinne Comhshaoil a chur i gcomparáid le coinníollacha Roinn na Gaeltachta, b'fhéidir gur cheart dúinn a rá go ginearálta gur féidir £1,000 sa bhreis a fháil taobh istigh den Ghaeltacht nach bhfuil ar fáil sna ceantair eile.

Tá fhios agam faoin riail maidir le uasachar an tí — 1,346 troigh chearnach; má tá sé níos mó ná sin ní féidir an deontas a fháil ón Roinn Chomhshaoil. Ach ar ndóigh nuair atá teach á thógaint sa Ghaeltacht níl teora ar bith maidir leis an achar sin. Sin iad na rialacha atá ann i láthair na huaire. Ar ndóigh tá rialacha ann maidir le caighdeán na Gaeilge agus ba mhaith liom pointe a dhéanamh maidir le scéim labhairt na Gaeilge a athraíodh le déanaí. Páiste ar bith anois a bhfuil na cigirí sásta go mbeidh an tard-chaighdeán bainte amach acu taobh istigh de thrí bliana, beidh siad sásta 50 faoin gcéad den deontas a íoc leo. Teaghlach ar bith a fhaigheann an deontas sin, beidh siad ábalta an deontas £4,000 a fháil freisin. Chuireamar é sin san áireamh, go háirithe nuair a bhíomar ag smaoineamh ar na himirceoirí a thagann abhaile agus caighdeán na Gaeilge chomh hard agus is féidir acu, b'fhéidir. Tá súil agam go sásaíonn sé sin na Teachtaí.

Maidir leis an gceist i dtaobh achar an tí i gcás daoine ag filleadh ar an tír seo, beidh mé féin agus an tAire sásta an cheist sin a chíoradh amach anseo.

Top
Share