(Donegal South-West): Freagróidh mé deireadh na ceiste i dtosach. Glacaimse le tábhacht tionscal na turasóireachta in iarthar na hÉireann go ginearálta ach go háirithe sna ceantair Ghaeltachta. Glacaim gur féidir anfhorbairt a dhéanamh ar an tionscal sin agus mar a dúirt an Teachta, postanna a chruthú. Táimid go léir i bhfábhar sin.
Tá an cheist seo á plé le fada an lá. De réir Alt 9 de Acht Údarás na Gaeltachta is féidir leis an Údarás iarratas a chur chuig an Roinn agus ón Roinn go dtí an Rialtas chun cumhachtaí breise a fháil. Fuaireamar litir ón Roinn Údarás ar an 21ú lá Meán Fómhair, 1993. Cé go raibh go leor cainte faoi go dtí seo, seo an chéad uair go bhfuarathas litir faoi. Dúirt mé féin go minic é agus an chéad uair a chasfaidh mé le bord Údarás na Gaeltachta déarfaidh me leo go bhfuilim i bhfábhar seo.
Nuair a chas an tAire le Údarás na Gaeltachta i lár mí Aibreáin — an 16ú lá d'Aibreán measaim — dúirt sé leo go raibh sé i bhfábhar cumhachtaí breise a thabhairt dóibh. Tá an litir faigthe againn anois. Ar ndóigh tá mé cinnte go mbeidh níos mó eolais de dhith orainn agus táimid ag déanamh teangbháil leis an Roinn Turasóireachta agus Trádála i láthair na huaire.
Nuair a chas Aire na Gaeltachta le bord Údarás na Gaeltachta ar an 4ú lá d'Eanáir 1990, dúirt sé go mbeadh Aire ar bith sásta ceist ar bith faoi chumhachtaí breise a chíoradh ach an cás iomlán a leagadh amach ag an Údarás — na lochtanna sa chóras, na bealaí chun iad a leigheas, an costas a bheadh i gceist, agus mar sin de. Ar ndóigh má thugtar cumhachtaí breise beidh airgead breise de dhíth chomh maith agus beidh orainn dul i dteangbháil leis an Roinn Airgeadais chomh maith. Go ginearálta aontaím leis an iarratas sa litir.