Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1993

Vol. 435 No. 5

Written Answers. - Deontais Faoi Scéim na mBóithre Áise, 1993.

Liz O'Donnell

Question:

21 D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé miontuairiscí faoi na deontais atá ceadaithe faoi Scéim na mBóithre Áise 1993.

Is oth liom gur fágadh sonraí faói bhóthar amháin ar lár sa bhfreagra a tugadh ar Cheist Dála mar an gcéanna ar 19 Deireadh Fómhair 1993. Is é seo a leanas an t-eolas iomchuí:

Bóthar

Deontas

Bóthar go Cé Chill Ulta, Contae Dhún na nGall

£2,500

Cosán ag an Dúbhchoraidh, Contae Dhún na nGall

£3,000

Bóthar áise ag Rinn Mhór, Contae Dhún na nGall

£3,000

Droichead ag Gleann Measc, Contae Mhaigh Eo

£5,000

Bóthar portaigh ag Muicineach na Coille, Contae na Gaillimhe

£5,000

Bóthar go dtí an piara ag Baile na hAbhann, Contae na Gaillimhe

£2,000

Bóthar go dtí teach Bholostruim ag Baile na hAbhann, Contae na Gaillimhe

£1,000

Bóthar ag Doire Fhearta Beag, Contae na Gaillimhe

£6,000

Bóthar ag Baile na Cille, Contae na Gaillimhe

£1,233

Bóthar ag Móta, An Rinn. Contae Phort Láirge

£6,575

Iomlán

£35,308

Top
Share