Is eol dom go maith na deacrachtaí maidir le cúrsaí calaíochta idir Oileán Thoraí, Inis Bó Finne agus Machaire Rabhartaigh agus tá cúnamh áirithe curtha ar fáil ag mo Roinnse le tamaillín anuas d'fhonn feabhas a chur ar na saoráidí éagsúla ag na hionaid sin.
Ceadaíodh deontas £12,000 i 1992 chun a chumasú do Roinn na Mara oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ag Cé Mhachaire Rabhartaigh agus ag tús na bliana seo ceadaíodh deontas £8,000 chun a chumasú do Chomhairle Chontae Dhún na nGall oibreacha feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar an bpiara agus ar an bhfánán ag Inis Bó Finne. Tá an dá scéim sin críochnaithe anois.