Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1993

Vol. 435 No. 5

Written Answers. - Dátheangachas san Earnáil Phoiblí.

Trevor Sargent

Question:

40 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta conas is féidir na treoracha maidir leis an dátheangachas san earnáil phoblí a chur i bhfeidhm i gceart nuair nach bhfuil an Ghaeilge riachtanach le dul isteach sa Státseirbhís a thuilleadh agus cén chaoi ar féidir dá bhrí sin a chinntiú go mbeidh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil gan stró d'aon duine a bhfuil sí uathu.

Is gnó do Ranna agus d'áisíneachtaí Stáit céimeanna a ghlacadh chun féachaint chuige go mbeidh dóthain foirne le cumas Gaeilge ar fáil chun frestal ar dhaoine ar mian leo gnó a dhéanamh leo trí Ghaeilge. Ní gan stró a bhainfear an aidhm sin amach agus is chuige sin a d'eisigh Bord na Gaeilge ar iarratas uaim, treoirlínte chun na críche sin níos luaithe i mbliana agus a lorgaíodh pleananna ó Ranna Stáit agus ó na háisíneachtaí faoina scáth maidir lena gcur chuige chun an aidhm sin a bhaint amach.

Ar ndóigh tá daoine le cumas Gaeilge go pointí éagsúla sa Státchóras cheana féin agus is féidir tógáil ar an gcumas sin trí dheiseanna foghlamtha agus cleachta iomchuía chur ar fáil, mar shampla, ranganna Gaeilge agus scoláireachtaí chun na Gaeltachta.

Top
Share