Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 16 Nov 1993

Vol. 435 No. 9

Written Answers. - Fostaíocht i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

211 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon phleananna ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chruthú i gceantar Ard a' Rátha (Contae Dhún na nGall) agus cén tionscal san áit sin ar chuidigh Údarás na Gaeltachta leis go dtí seo.

Dinny McGinley

Question:

212 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta ag Údarás na Gaeltachta le bliain anuas le fostaíocht a chruthú i gceantar Chill Charthaigh i nDún na nGall.

Donegal South West): Tógfaidh mé Ceisteanna 211 agus 212 le chéile.

Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta i gcónaí d'fhonn fiontraíocht áitiúil a spreagadh agus d'fhonn tionsclóirí a aimsiú a bheidh sásta tionscnaimh fhiúntacha a bhunú i nGaeltacht Thír Conaill — ceantair Ard an Rátha agus Chill Charthaigh san áireamh — d'fhonn deiseanna fostaíochta breise a chur ar fáil do phobal na gceantar sin.

Maidir le Ard an Rátha, níl an baile féin sa Ghaeltacht. Ag deireadh 1992 — an dáta is déanaí a bhfuil figiúirí fostaíochta ar fáil ina leith — bhí 44 dhuine fostaithe go lánaimseartha agus 34 dhuine go páirtaimseartha/séasúrach i dtionscail sa cheantar a fuair cúnamh ón Údarás. Is amhlaidh gur dhún Garn Teo ó shin i leith agus gur cailleadh 18 den 44 phost lán-aimseartha dá bharr. Tuigim ón Údarás, áfach, go bhfuil togra ionaid á phlé acu d'iarmhonarcha Garn Teo ach go bhfuil sé ró-luath go fóill a rá cén toradh a bheidh ar na comhráite.

Foilsítear eolas in aghaidh na bliana i gCuntais an Údaráis faoi na cuideachtaí i gceantair ar leith ar ceadaíodh cúnamh dóibh agus a ndearnadh íocaíochtaí leo.

I dtaca le Cill Charthaigh tá gach is féidir á dhéanamh ag an Údarás chun fostaíocht bhreise a chruthú sa cheantar sin agus chun an fhostaíocht atá ann cheana — go háirithe sa tionscal teicstíle — a chaomhnú. Bunaíodh tascghrúpa ar leith i 1991 chun deiseanna fostaíochta a spreagadh agus a bhrú ar aghaidh i nGaeltacht Iardheischeart Dhún na nGall I gcoitinne agus tá an grúpa sin ag feidhmiú i gcónaí. Is obair leanúnach í deiseanna forbartha a aimsiú agus a chur ar aghaidh agus tagann na torthaí aisti chun cinn de réir a chéile. Tuigim ón Údarás go bhfuil toradh fónta ar shaothar an tascghrúpa sin go dtí seo agus go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh sa cheantar ar fad — ceantar Chill Charthaigh san áireamh. Le linn 1992-93 cheadaigh an tÚdarás tograí éagsúla do Chill Charthaigh agus, sna trí cinn is mó díobh, tá sprioc iomlán de 76 phost nua lánaimseartha ach na tionscnaimh sin a bheith faoi lánseol. Tá roinnt de na poist sin cruthaithe cheana féin. Tá tograí eile á bplé don cheantar i láthair na huaire agus tuigim ón Údarás go bhféadfadh suas le 20 post a bheith i gceist i gcás ceann amháin díobh. Tá sé ró-luath, ar ndóigh, sonraí níos iomláine a thabhairt i dtaobh na dtograí áirithe sin.
Top
Share