Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 16 Nov 1993

Vol. 435 No. 9

Written Answers. - Timire Gaeilge.

Éamon Ó Cuív

Question:

240 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta Timire Gaeilge lán aimseartha buan a cheapadh do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, rud a bhí ar fáil acu le seasca bliain.

Michael P. Kitt

Question:

268 D'fhiafraigh Mr. M. Kitt den Aire Oideachais an dtabharfaidh sí Timire Gaeilge lánaimseartha do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.

Tá Ceisteanna Uimh. 240 agus 268 á thógáil le chéile agam.

Cuireadh in iúl do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe i Mí Bealtaine seo caite go bhfuil mo Roinn sásta go bhfuil gá le Timire Gaeilge sa cheantar. Beidh an té a cheapfar freagrach as dualgaisí faoi Choistí an Chontae agus na Cathrach araon.

Is ar an mbonn sin amháin atá mo Roinn sásta an post a cheadú.

Top
Share