Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 23 Nov 1993

Vol. 436 No. 1

Written Answers. - Gaeltacht Household Guidelines.

John Connor

Question:

170 Mr. Connor asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the conditions and guidelines laid down by his Department for Gaeltacht households where Irish summer college students stay, such as cubic space necessary for each pupil, number of students per room, maximum number of students per house, standard of washing and sanitary facilities, fire regulations and any other safety regulations required; and if he will make a statement on the matter.

Donegal South-West): Chuncáilíocht faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid mo Roinne-se a bhaint amach, ní foláir d'iarratasóir mo Roinnse a shásamh, inter alia, go bhfuil ar a chumas cóiríocht oiriúnach do chuairteoirí a chur ar fáil in aontíos leis/léi féin ar feadh trí mhí ar a laghad sa bhliain.

Bíonn bunchaighdeáin cóiríochta — a leagadh síos tar éis comhairle a ghlacadh leis na boird sláinte cuí — riachtanach i ngach teach mar seo a leanas:

—300 troigh ciúbach spáis ar a laghad in aghaidh an duine i seomraí leapa mar aon le leaba oiriúnach an duine do gach foghlaimeoir agus cófraí oiriúnacha sna seomraí;

—seomra leapa oiriúnach amháin ar a laghad do mhuintir an tí;

—áit suí oiriúnach do leath ar a laghad den líon foghlaimeoirí atá ceadaithe;

—leithreas agus folcadán nó ciothfholcadán ar fáil do gach 12 foghlaimeoir agus uisce te ar fáil go rialta;

—báisín láimhe le haghaidh gach seisear foghlaimeoira; agus

—na síleáil ar fad i seomraí leapa na bhfoghlaimeoirí a bheith 8 dtroithe ar airde.
Le cúpla bliain anuas, ní cheadaítear níos mó ná 16 foghlaimeoirí i dtithe nuachláraithe agus ní cheadaítear níos mó ná 6 foghlaimeoirí in aon seomra nuachláraithe.
Cuireann alt 18 (2) den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981, freagracht faoi shábháltacht dóiteáin ar an duine atá i gceannas ar theach ina gcuirtear cóiríocht codlata ar fáil d'aíonna gach is gá go reasúnta a dhéanamh chun
—féachaint chuige nach dtosóidh dóiteán, agus
—féachaint chuige sábháltacht daoine atá sa teach, má thosaíonn dóiteán.
Top
Share