Go raibh maith agat a Cheann Comhairle as ucht cead a thabhairt dom an cheist thábhachtach seo a tharraingt anuas sa Dáil anocht. Tá súil agam go bhfaighidh mé freagra iomlán ón Aire a thaispeánfaidh cad díreach iad na rialacha a chaithfí cloí leo chun go gceadófaí iarratas faoi scéim na mbóithre áise atá á reachtáil ag a Roinn. Tá sé teipthe ormsa a fháil amach cad iad na rialacha a chuirtear i bhfeidhm nuair a déantar cinneadh na deontais seo a thabhairt amach. Tá mé ag cur i leith Aire na Gaeltachta agus cibé Airí eile atá ag obair ann agus a thugann tacaíocht don cleasaíocht seo, go bhfuil gaimbíneachas ar siúl ag an Aire ó thaobh tabhairt amach na ndeontais seo. Tá an Aire féin ag tabhairt léachtanna do scoláirí in Ollscoil na Gaillimhe faoi ghaimbíneachas agus anois feictear domsa go bhfuil sé á chleachtadh taobh istigh dá Roinn féin.
Is dócha gurb é an rud is mó a theastaíonn ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu amuigh faoin dtuath ná go mbeadh bóthar ceart suas go dtí a dtithe. Tá scéim amháin ann gur féidir leat iarratas a chur síos, agus a chur ar aghaidh go dtí an Comhairle Chontae ar Local Improvement Scheme Form. Tá sé sin á dhéanamh agus i nGaillimh bíonn ort fanacht ceithre bliana ar a laghad sula dtabharfaí ofráil deontais duit chun an bóthar a dheisiú. Ansin caithfidh tú íoc as cuid mhaith den bóthar tú féin.
Sa bhliain 1992, de réir freagra a tugadh sa Dáil ar 25 Feabhra 1993, tugadh amach £368,000 do na contaetha sa Ghaeltacht. Fuair Gaillimh £83,000, Corcaigh £18,000, Contae na Mí £14,000, Maigh Eo £60,000, Ciarraí £35,000 agus Dún na nGall £158,000. Níl aon riail leagtha síos chun a dhearbhú an bhfuil tú i dteideal an deontas seo a fháil nó nach bhfuil. Tá an tAire ag dul thart ar Dhún na nGall agus ar fud na nGaeltachtaí eile cosúil le Santa Claus ag iarraidh deontais a thabhairt amach roimh an Nollaig, sin an t-am a dhéanann sé iad de ghnáth, agus tá mise ag cur ina leith anois go gcaithfí an scannal seo a stopadh láithreach. Ní chuirfidh muintir na Gaeltachta nó muintir na hÉireann suas leis an mbealach seo atá airgead an phobail á chaitheamh ag an Roinn. Tá sin á chur i leith an Aire agus tá súil agam go bhfuil freagra iomlán aige air mar níl sé le feiceáil cad díreach atá i gceist nuair a bhíonn sé ag tabhairt iad seo amach ach amháin go bhfuil sé fábharach nó báúil dóibh siúd atá ag iarraidh an deontas a fháil.
Cinnte, éinne a fhaigheann an deontas seo bíonn áthas an domhain air. Ach feictear domsa nach bhfuil an riachtanas atá i gceist á chur i bhfeidhm chor ar bith. Tá daoine ag déanamh gearáin liomsa go bhfuil deontais á thabhairt i leith bóithre ar a bhfuil teach amháin agus go bhfuil bóithre eile in a bhfuil, abair dosaen tithe, agus an bóthar go huafásach, potholes móra ann, agus iad ag fanacht na blianta ag iarraidh iad a dheisiú ach is cuma leis an Roinn faoi na bóithre sin mar go bhfuil cúiseanna eile ar fad nach bhfuil leagtha síos in aon áit.
Tá Comptroller and Auditor General ann. Tá Committee of Public Accounts ann agus caithfidh siad breathnú isteach sa cheist seo chun a chinntiú go gcuirfear deireadh leis an gcleasaíocht, leis an scannal agus leis an gaimbíneachas atá ar siúl taobh istigh de Roinn na Gaeltachta maidir le tabhairt amach na ndeontas le haghaidh na mbóithre áise ar fud na Gaeltachta.