Tá 230 dalta ag freastal ar Scoil Shailearna. Níl ach cúig rang sa scoil. Tá seachtar múinteoir ag múineadh sa scoil agus ar na figiúirí atá ann faoi láthair beidh an t-ochtú múinteoir ceadaithe i mí Meán Fómhair seo chugainn nuair a thosóidh an scoilbhliain nua. Cuireadh iarratas isteach i 1892 le haghaidh breis seomraí de bharr an méadú a tháinig ar líon na ndaltaí ag freastal ar an scoil agus sa bhliain 1985 cheadaigh an Roinn dhá sheomra ranga sa bhreis agus seomra uilefhóinteach don scoil.
Sa bhliain 1988 cheadaigh an Roinn ailtire príobháideach a fhostú. Bhí na tairiscintí faighte agus liosta de na conradhtheoirí curtha go dtí an Roinn agus súil ag gach éinne go mbeadh an obair ag tosú ag tús na bliana seo. Ach fuair siad scéal ón Roinn i mí Meithimh nach mbeadh an Roinn sásta aon airgead a chur ar fáil ná cead a thabhairt dul ar aghaidh leis an obair.
Chuir sé sin an-díomá ar an mBord Bainistíochta agus ar na tuismitheoirí. Caithfidh mé a rá leis an Aire go bhfuil an-fhearg ar na tuismitheoirí agus go bhfuil sé beartaithe acu na daltaí a choimeád sa bhaile ón scoil. Tá stailc aon lá sa tseachtain ar siúl sa scoil seo faoi láthair. Níl á chur ar fáil ag an Roinn ach suas le £70,000. Tá airgead ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta do chuid den obair seo le trí bliana anuas agus tá siadsan ag bagairt go mbeidh an t-airgead sin á tharraingt ar ais acu muna n-úsáidtear é go tapa.
Mar sin tá mé ag iarraidh ar an Aire a chinntiú go mbeidh an t-airgead ar fáil anois mar go bhfuil Meastacháin na bliana seo chugainn socraithe ag an Rialtas. D'fhéadfadh an tAire a chur in iúl dúinn anocht go mbeidh an Roinn sásta an obair seo a cheadú, cé mhéid airgid a bheidh á chur ar fáil ag an Roinn, cén ceatadán a bheidh á chur ar fáil ag an Roinn agus cé mhéid airgid a bheidh le bailiú ag na tuismitheoirí. Chomh maith leis sin ba mhaith liom go gcuirfeadh an tAire in iúl dúinn go bhfuil an Roinn sásta glacadh leis an íocaíocht atá déanta ag an mBord Bainistíochta leis an ailtire — suas le £20,000 — de bharr gur thug an Roinn cead don Bhord an t-ailtire sin a fhostú i litir chucu i mí Lúnasa 1988. Tá an Roinn taréis scríobh chucu le gairid, áfach, á rá nár thugadar an cead sin.
Sin iad na deacrachtaí atá ann. Bheadh sé éasca iad a shárú. Beidh an-drochchaoi ar an scoil agus ar na daltaí muna fhaigheann siad cead dul ar aghaidh láithreach leis na seomraí ranga seo. Beidh trí seomra scoile in easnamh mí Meán Fómhair seo chugainn, má fhágtar an scéal mar atá.
De bharr an uimhir daltaí atá ann agus an moill uafásach fhada atá ar an obair go dtí seo ba mhaith liom go gcuirfeadh an tAire in iúl dúinn anocht go mbeidh an Roinn sásata an t-airgead riachtanach a chur ar fáil sna Meastacháin don bhliain seo chugainn.