Trevor Sargent
Question:111 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais céard é an soláthar atá ann nó atá i gceist a bheith ann d'oiliúint múinteoirí feabhais agus speisialtóirí eile, mar shampla síceolaithe agus teiripigh chainte, do pháistí Gaeltachta agus páistí atá á dtógáil trí Ghaeilge i bhfianaise na heaspa atá ann faoi láthair mar atá ráite i dtuairisc an Choiste Athbhreithnithe ar an Oideachas Speisialta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ar an ábhar.