Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Feb 1994

Vol. 438 No. 5

Written Answers. - Scoil Shailearna, Indreabhán.

Robert Molloy

Question:

192 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an gcuirfidh sí gach eolas ar fáil faoin gcinneadh airgead a chur ar fáil i Meastacháin 1994 le haghaidh Scoil Shailearna, Indreabhán, Contae na Gaillimhe.

Mar is eol don Teachta, tá an scéim tógála don scoil seo ar cheann de na scéimeanna a ndéanfar conradh ina leith i 1994.

Ní fios go fóil cé mhéid airgid a chaithfear ar an scéim seo i 1994.

Top
Share