Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 Feb 1994

Vol. 438 No. 8

Written Answers. - An Gúm.

Tony Killeen

Question:

108 D'fhiafraigh Mr. Killeen den Aire Oideachais an bhfuil an Gúm le hathlonnú; an bhfuil staidéar féidearthachta déanta a léireodh go mba éifeachtaí an Gúm sa láthair nua, agus cén láthair nua atá i gceist.

Tony Killeen

Question:

109 D'fhiafraigh Mr. Killeen den Aire Oideachais ós rud é gur cúram oideachais príomhchúram an Ghúim, an fíor go bhfuil sé i gceist an Gúm a aistriú go dtí Roinn eile den Rialtas.

Tá sé i gceist agam Ceisteanna 108 agus 109 a thógaint le chéile.

Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ag an Aire Oideachais agus an Aire don Ealaíon, Cultúr agus don Ghaeltacht ar aistriú an Ghúm go dtí an Roinn Ealaíon, Cultúr agus Gaeltachta. Is faoi bhraid pé Aireacht a bhéas an Ghúm faoina chúram ceist a athlonnú a scrúdú.

Top
Share