Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Feb 1994

Vol. 439 No. 2

Written Answers. - Tionscal i gContae Dhún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

138 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon phleananna ag Údarás na Gaeltachta réamh-mhonarcha nó tionscal a bhunú i gceantar Ailt a' Chorráin i gContae Dhún na nGall.

Donegal South-West): Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil gach is féidir á dhéanamh acu d'fhonn deiseanna fostaíochta breise a chruthú do phobal an cheantair sin. Is obair leanúnach í sin.

Tá dhá thionscal tábhachtach éisc ag feidhmiú i gceantar Ailt an Chorráin le cúnamh ón Údarás. Tá 45 dhuine fostaithe go lánaimseartha agus 56 dhuine ar bhonn shéasúrach sa dá tionscal sin agus táthar ag súil le méadú de bhreis ar 30 post lánaimseartha iontu thar thréimhse.

Ina theannta sin, tá beartaithe ag an Údarás eastát tionscail a fhorbairt sa cheantar i gcéimeanna agus táthar ag feidhmiú trí Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun paiste talún atá aitheanta a cheannach mar láithreán don eastát tionscail sin.
Top
Share