, Donegal South-West): Tógfaidh mé ceisteana a 7 agus 57 le chéile.
Caithfear a rá nach amháin sa Ghaeltacht atá fadhb dhífhostaíochta — is fadhb náisiúnta agus idirnáisiúnta í. Aithním féin agus aithníonn Údarás na Gaeltachta go maith an gá le poist bhreise nua a chruthú sna ceantair Ghaeltachta agus leis na poist atá ann cheana féin a chaomhnú agus is féidir glacadh leis go bhfuil gach is féidir á dhéanamh chun na críche sin. Is fadhb mhór í líon na bpost a chailltear sa Ghaeltacht gach bliain. I dtaca leis sin de tá an tUdarás ag cur go speisialta lena gcuid iarrachtaí ní amháin chun fostaíocht bhreise a chruthú ach freisin chun an fhostaíocht atá ann cheana a chaomhnú oiread agus is féidir. Is cúis áthais dúinn uile go bhfuil toradh na hoibre sin le feiceáil i gcaoi is go raibh laghdú suntasach i líon na bpost a cailleadh i dtionscail Ghaeltachta a fuair cúnamh ón Údarás anuraidh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, i.e. cailleadh 676 phost i 1993 i gcomparáid le 920 post i 1992.
Maidir le líon na bpost nua a cruthaíodh in 1993 i dtionscail faoi scáth an Údaráis, tuigim uathu gur cruthaíodh 879 bpost nua lánaimseartha ar an bhfód ach gur cailleadh 676 phost, rud a d'fhág glanmhéadú de 203 phost ann ag deireadh na bliana sin.
Cheadaigh an tÚdarás cúnamh do thionscail anuraidh ina mbeidh breis is 1,000 post nua i gceist ach iad a bheith faoi lánseol. Ag deireadh 1993 bhí 5,854 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás. Leanfaidh an tÚdarás go díograsach lena gcuid iarrachtaí leanúnacha i 1994 d'fhonn tionsclóirí a mhealladh chun gnóanna fiúntacha a lonnú sa Ghaeltacht a chuirfidh fostaíocht bhreise ar fáil inti.
Leis an bhfeabhas a mheastar atá ag teacht ar an aeráid eacnamaíochta i gcoitinne, tá cúis mhaith ann chun dóchas a bheith againn go dtiocfaidh tuilleadh feabhais ar chúrsaí fostaíochta i mbliana agus amach anseo.