Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Feb 1994

Vol. 439 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oibreacha Feabhsucháin sa Ghaeltacht.

Patrick D. Harte

Question:

13 D'fhiafraigh Mr. Harte den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad é an méid airgid breise a cuireadh ar fáil sa Cháinaisnéis le haghaidh oibreacha speisialta feabhsúcháin sa Ghaeltacht; agus cad iad na tograí ar a gcaithfear an t-airgead breise.

Cuireadh soláthar breise £1m ar fáil i gCáinaisnéis na bliana seo le caitheamh ar Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht i gcaoi is go mbeidh suim £3.71m ar fáil le haghaidh na scéimeanna sin anois.

Is mar seo a leanas a mheastar a chaithfear an soláthar sin:

£

Muiroibreacha

2,400,000

Forbairt chomharchumann

550,000

Hallaí agus Coláiste Gaeilge

350,000

Bóithre

250,000

Scéimeanna eile

160,000

Úsáidfear an t-airgead breise chun bonneagar na Gaeltachta a fheabhsú, ar a náiríear dlús a chur le muiroibreacha a chur i gcrích, bóithre a fheabhsú agus comharchumainn Ghaeltachta a fhorbairt.

An bhfuil sé i gceist aon athrú a dhéanamh ar na rialacha faoina íoctar deontais do bhóithre áise? Glacaim gurb iad sin na bóithre áise atá i gceist sa bhfreagra.

Tá athruithe ar an scéim sin á bplé faoi láthair taobh istigh de mo Roinn agus tá teangbháil déanta agam le údaráis áitiúla agus le dreamanna eile chun athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim.

An bhfuil sé i gceist ag an Aire foirmeacha iarratais a chur amach agus na hiarratais a thagann ar ais a chur in ord tosaíochta ionas go mbeadh an scéim á reachtáil go macánta agus go mbeadh seans ceart ag gach éinne a chuireann iarratas isteach, in ionad na polaitíochta a bhí i gceist le gairid leis an scéim seo cé nárbh é an tAire féin a bhí i gceist.

Tá foirmeacha iarratais ann ach tá mé sásta an moladh atá déanta ag an Teachta a mheas. Tá sé ar cheann de na moltaí atá á phlé agam faoi láthair. Mar adúirt mé tá teangbháil déanta ag mo Roinn leis na daoine a bheadh i gceist chun an scéim a chíorú. Tarlaíonn sé ó am go ham go mbíonn feabhas ag teastáil ar gach scéim agus tá an cheist á phlé againn faoi láthair.

Deir an tAire go bhfuil £2.4 milliún curtha ar fáil le haghaidh muiroibreacha sna ceantair Ghaeltachta. An bhféadfadh sé a rá an mbeidh cuid den airgead sin á chur ar fáil le haghaidh ché agus calafoirt cheart a thógáil ar Oileán Thoraigh atá go dona i láthair na huaire mar nach bhfuil seirbhísí cearta calaíochta ann do na daoine a théann ar chuairt go dtí an oileán. An bhféadfadh sé a insint an mbeidh cuid den airgead sin ar fáil do Oileán Thoraigh?

Maidir leis an obair atá luaite ag an Teachta tá roinnt airgid curtha ar fáil cheana féin agam chun an obair ullmhúcháin a dhéanamh agus tá an staidéar atá déanta chun an obair a chur ar aghaidh curtha ar fáil ag mo Roinn. Beidh mé sásta nuair a bheidh sin déanta féachaint an féidir liom níos mó cabhrach a thabhairt.

Top
Share