Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Feb 1994

Vol. 439 No. 3

Written Answers. - Feirmeacha Bradán Gaeltachta.

Peadar Clohessy

Question:

16 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl an tsuncáil airgid iomlán ag Údarás na Gaeltachta i bhforbairt feirmeacha bradán le linn na ndeich mbliana, atá imithe tharainn; cé mhéad comhlacht a fuair cabhair airgid i rith na tréimhse sin; agus cad iad na huimhreacha daoine fostaithe i ngach comhlacht inniu.

, (Donegal South-West): Tuigim ó Údarás na Gaeltachta

—gur íoc siad thart ar £5 milliún (idir dheontais agus scaireanna) sa dheich mbliain dar chríoch 31 Nollaig 1993 le 35 iarratasóir sa tionscal fheirmeoireacht bradán sa Ghaeltacht;
—go raibh 258 nduine fostaithe go lánaimseartha agus 74 dhuine go páirtaimseartha/séasúrach sa tionscal sa Ghaeltacht ag deireadh 1993; agus
—go bhfuil fostaíocht indíreach á cruthú ag an tionscal in earnálacha eile gnó, m.sh., proiseáil éisc, soláthraithe trealaimh agus seirbhísí, etc.
Ní gnách eolas faoi líon na ndaoine a bhíonn fostaithe i gcomhlachtaí ar leith a thabhairt.
Top
Share