Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Feb 1994

Vol. 439 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teilifís na Gaeilge.

Dinny McGinley

Question:

6 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na téarmaí tagartha a bheidh ag Comhairle Údarás Theilifís na Gaeilge agus an dtabharfaidh sé cuntas ar dhul chun cinn bhunú na seirbhíse go dtí seo.

Trevor Sargent

Question:

9 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé tuairisc ar an bpolasaí teanga atá leagtha síos don tseirbhís nua teilifíse Gaeilge agus an ndéanfaidh sé ráiteas ar an ábhar.

Helen Keogh

Question:

12 D'fhiafraigh Ms Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn go dtí seo ar bhunú Theilifís na Gaeilge.

P. J. Sheehan

Question:

34 Mr. Sheehan asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the future developments he envisages for the Irish TV network.

Godfrey Timmins

Question:

54 Mr. Timmins asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the future developments he envisages for the Irish TV network.

Tógfaidh mé Ceisteanna 6, 9, 12, 34 agus 54 le chéile.

Meabhraím don Teach an freagra mion a thug mé ar cheisteanna maidir le Teilifís na Gaeilge ar an 15 lá de mhí na Nollaig, 1993, agus atá ar fáil i gColúin 626 go dtí 633 den Tuairisc Oifigiúil don dáta sin.

Leag an Rialtas an cúram ar RTÉ an córas tarchuradóireachta don chainéal nua a thógáil agus táim sásta leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo.

Maidir le téarmaí tagartha foirmiúla a leagan síos don Choiste Comhairleach atá le bunú de réir Alt 21 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960, is cúram é sin d'Údarás RTÉ. Mar sin féin, tá curtha in iúl agam don Údarás go mbeinn ag súil go mbeadh baint ag an gCoiste Comhairleach le: foireann a earcú ar chonradh agus oiliúint a sholáthar di, cláracha a choimisiúnú agus a thiomsú sula gcuirfí tús leis an gcraolachán, nádúr agus gaois an stáisiúin nua a leagan síos, clár-sceideal a dhréachtadh, agus riachtanais oiliúna na seirbhíse a mheas, i bpáirt leis an earnáil neamhspleách léiriúcháin agus le heagrais eile lena mbaineann an scéal, Údarás na Gaeltachta agus Bord na Gaeilge ach go háirithe.

Bheinn ag súil freisin go leagfadh an Coiste Comhairleach síos polasaí teanga do stáisiún i gcomhthéacs na nithe atá luaite agam thuas. Tuigfidh Teachtaí nach mbeadh aon ról sonrach agam sa ghné sin den scéal — ní theastaíonn uaim cur isteach ar neamhspleáchas sna seirbhíse nua — ach samhlaím go mbeidh fonn ar an tseirbhís nua cláracha a sholáthar, ní amháin dóibh sin a bhfuil líofacht Ghaeilge acu cheana féin, ach do lucht foghlamtha na teanga freisin.

Tugann bunú Theilifís na Gaeilge deis iontach dúinn go léir tabhairt faoi mhúineadh na Gaeilge ar bhealach nua, nua-aoiseach, tarraingteach. Tá gach dóchas agam go n-éireoidh leis an tseirbhís nua clár eile teagaisc Gaeilge a chur le chéile a mheallfaidh lucht féachana nua dó agus a neartóidh a seasamh i measc an phobail ar fad.

A Cheann Comhairle, an bhféadfadh an tAire a chur in iúl an mbíonn aon teagmháil idir é féin agus an tAire Cumarsáide mar, de réir mar a thuigim, is iad an Roinn Cumarsáide agus RTÉ atá freagrach as gréasán craolta a chur ar fáil, agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go bhfuil treoir faighte ag RTÉ gan dul ar aghaidh níos faide leis an ngréasán a chur ar fáil go dtí go bhfaighidh sé treoir ag rá a mhalairte ón Roinn Cumarsáide.

Tá tús curtha leis an obair ullmhúcháin maidir le gnéithe teicniúla agus caithfidh tú a chur san áireamh nach mbíonn sé éasca é sin a dhéanamh mar ní mór córas nua a chur ar fáil. Chomh maith leis sin is éigean na páirteanna éagsúla a nascadh le chéile, mar shampla, a chur ar chumas mhuintir na Gaeltachta bheith páirteach agus, mar sin de. Ag pointe áirithe, beidh gá le hiarratais a chur faoi bhráid na Roinne Cumarsáide maidir le ceadúnas ó thaobh an leibhéil theicniúil de. Maidir leis na cainteanna a bhíonn agam féin, buailim, mar shampla, le Cathaoirleach Raidió Teilifís Éireann ó am go chéile, ach is feasach do RTÉ cad atá le cur i gcrích agus, nuair a shocrófar na ceisteanna teicniúla agus nuair a réiteofar na hullmhúcháin, ansin beidh sé riachtanach ceadúnais a chur ar aghaidh go dtí an Aire Cumarsáide, agus ní léir dom aon deacracht faoi sin.

Bheadh sé spéisiúil a fháil amach an bhfuil sé i gceist ag an Aire go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre sa stáisiún nua. Tá a fhios agam go bhfuil suim ag a lán daoine sa cheist seo, mar cuireadh ceist orm féin faoi seo, agus is dócha gurb amhlaidh an scéal leis an Aire agus a Roinn. An raibh an tAire sásta leis an bhfógra sna nuachtáin agus é go hiomlán as Béarla, maidir le hinnealtóir craolacháin a lorg — ní raibh oiread is tagairt amháin do chúrsaí na Gaeilge, ná go raibh Gaeilge ag teastáil fiú don phost. Tá a fhios agam féin nach bhfuil an tAire freagrach, go hiomlán, as na struchtúir ar fad a bheidh sa stáisiún, ach tá freagracht éigin aige agus ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil sé sásta go leanfaidh an scéal mar sin.

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom a rá go bhfuil aiféala orm gur i mBéarla amháin a foilsíodh fógra le haghaidh innealtóir craolacháin d'obair thógála Theilifís na Gaeilge. Thóg mo Roinn an cheist seo suas le Raidió Teilifís Éireann agus is féidir liom a rá leis an Teach go bhfógrófar aon fholúntais eile a bhaineann le Teilifís na Gaeilge i nGaeilge. Glacaim leis go mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre ag foireann Theilifís na Gaeilge agus leagfar béim ar an ngné sin agus foireann á hearcú agus á hoiliúint. Ach beidh daoine ann a mbeidh orthu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge chuige sin agus caithfear an Ghaeilge a mhúineadh mar chuid den phróiseas oiliúna.

Tá an chainéil nua á chur ar fáil ní hamháin chun freastal ar riachtanais lucht na Gaeilge ach chun daoine eile a mhealladh chun na Gaeilge. Ní úsáidfear an straitéis nua chun aon rud a bhrú ar dhaoine ach tá sé intuigthe go mbeadh an Ghaeilge á húsáid sa stáisiún agus tá sé ríshoiléir go mbeidh daoine ann a mbeidh ar a gcumas tosú láithreach ag labhairt Gaeilge go líofa. Beidh daoine eile ann a bhainfidh feidhm as an bpróiseas traenála chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

An bhféadfadh an tAire a rá go bhfuil sé ar intinn go mbeidh an tseirbhís úr ar an aer ag tús 1995 mar a bhí luaite nó an bhfuil sé curtha siar, agus cén uair a bheidh sé ar an aer? An bhféadfadh sé a rá leis, cad é an dul chun cinn atá déanta ó mhí na Nollag seo caite agus an bhfuil RTÉ i láthair na huaire ag obair ar an ngréasán a chur ar fáil nó an bhfuil cosc curtha orthu de thairbhe litir ón Aire Cumarsáide. Deirtear go bhfuil cosc curtha ar aon obair phleanála i láthair na huaire go dtí go bhfaighidh siad treoir ón Aire.

Is féidir liom a rá ag an bpointe seo go bhfuil mé ag fáil comhoibriú ó mo chomhleacaí, an tAire a bhfuil cúram na cumarsáide air. Nuair a bhí mé ag caint faoi Theilifís na Gaeilge, ábhar a bhí faoi chaibidil agam go minic, ba é an dáta tosaithe a luaigh mé ná Fómhar 1995. Tarlóidh sé, tá súil agam, i 1995, ach ba mhaith liom a dhéanamh soiléir go bhfuil sé ar intinn agam gach rud a dhéanamh atá ag teastáil chun an córas a chur ar fáil ar bhonn teicniúil ardleibhéil agus tá mé dóchasach go mbeidh sé ar fáil ar an oileán ar fad. Chomh maith leis sin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh na cláir den chéad scoth agus má táimid chun ceadúnas a fháil agus cur isteach ar cheadúnas pleanála, ní féidir liom a rá díreach an tseachtain a bheidh an córas nua ag tosú ach an spriocdháta atá ann ná i ndiaidh 1995.

Tá áthas orm nach i mBéarla amháin a bheidh na fógraí agus go mbeidh leasú ar na fógraí a chuirfidh an stáisin amach amach anseo. Glacaim leis an méid a dúirt an tAire mar gheall ar theanga a bhrú ar dhaoine ach an aontódh an tAire go bhfuil baol ann, má tá an stáisiún nua chun daoine ar bheagán Gaeilge a fhostú sa Ghaeltacht, go mbeidh Béarla — mar a tharlaíonn i monarchana áirithe, mar is eol dó féin-á bhrú ar mhuintir na Gaeltachta, agus an nglacann sé leis gur cheart é sin a sheachaint, más féidir.

An dearcadh atá agam féin ná go mbíonn contúirt ann i gcónaí agus go mbíonn daoine de shíor ag cáineadh faoi seo, ach ní chuireann sin as dom. An rud is fearr a dhéanamh ná an phleanáil a dhéanamh i gceart agus a bheith oscailte faoin rud. Beidh daoine ann a úsáidfidh an próiseas oiliúna, ach tá mé i ndáiríre faoi atmasféar an stáisiúin a bheith Gaelach agus caithfimid bheith oscailte inár n-aigne faoin gcaoi ina gcuirfidh daoine feabhas ar a gcuid Gaeilge agus ina n-úsáidfear í. Níl sé seo éasca ach tá mé féin i bhfad níos dóchasaí b'fhéidir ná an teachta. Beidh mise ag cur béime ar na háiseanna agus ar na seansanna nua a bheidh ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn i bhfoirm nua-aoiseach agus sin é mo dhearcadh.

Top
Share