Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Apr 1994

Vol. 441 No. 1

Written Answers. - Ról na mBord Fiontraíochta Contae.

Liz O'Donnell

Question:

29 D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil cainteanna tugtha chun críche fós leis an Roinn Fiontar agus Fostaíochta chun soiléiriú a dhéanamh ar an ról difriúil a bheidh ag na Boird Fiontraíochta Contae seachas an ról atá ag Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas sa chás.

Donegal South-West): Tá mo Roinnse i gcomhairle go fóill leis an Roinn Fiontar agus Fostaíochta maidir leis an ról a bheidh ag Údarás na Gaeltachta i dtaca leis na Boird Fiontraíochta Contae.

Top
Share