Donegal South-West): Le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta, tá feabhas suntasach déanta ar na seirbhísí farraige agus aeir go dtí Toraigh le blianta beaga anuas, i.e., seirbhís heileacaptair á cur ar fáil i rith an Gheimhridh ó 1985 ar aghaidh agus seirbhís farantóireachta i rith na bliana ar fad le tamall anuas ag cuideachta ina bhfuil scaireanna tosaíochta ag an Údarás agus foirdheontais á íoc ag an Údarás i leith na seirbhíse sin sa lagshéasúr.
Maidir le seirbhís aeir a chur ar fáil do Thoraigh amhail mar atá ann do na hOileáin Arainn, ní mór a chinntiú go mbeadh an tseirbhís inmharthana agus go bhféadfaí an costas mór a bhainfeadh léi a sheasamh. Tá an cheist áirithe sin á coimeád faoi bhreithniú.