Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Apr 1994

Vol. 441 No. 1

Written Answers. - Oileán Toraigh: Aersheirbhís.

Mary Harney

Question:

31 D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil réiteach déanta fós ag a Roinn chun aersheirbhís a bhunú go hOileán Toraigh, Contae Dhún na nGall mar a rinneadh go dtí na hoileáin Ghaeltachta amach ó chósta na Gaillimhe sa bhliain 1971; agus an ndéanfaidh sé ráiteas sa chás.

Donegal South-West): Le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta, tá feabhas suntasach déanta ar na seirbhísí farraige agus aeir go dtí Toraigh le blianta beaga anuas, i.e., seirbhís heileacaptair á cur ar fáil i rith an Gheimhridh ó 1985 ar aghaidh agus seirbhís farantóireachta i rith na bliana ar fad le tamall anuas ag cuideachta ina bhfuil scaireanna tosaíochta ag an Údarás agus foirdheontais á íoc ag an Údarás i leith na seirbhíse sin sa lagshéasúr.

Maidir le seirbhís aeir a chur ar fáil do Thoraigh amhail mar atá ann do na hOileáin Arainn, ní mór a chinntiú go mbeadh an tseirbhís inmharthana agus go bhféadfaí an costas mór a bhainfeadh léi a sheasamh. Tá an cheist áirithe sin á coimeád faoi bhreithniú.

Top
Share