Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Apr 1994

Vol. 441 No. 1

Written Answers. - Céibheanna i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

39 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na céibheanna i nGaeltacht Dhún na nGall a bhfuil iarratas ina leith faighte ina Roinn le haghaidh deontas deisiúcháin, an costas measta i ngach cás; agus an gceadóidh sé deontais leis na hoibreacha práinneacha a dheánamh.

Donegal South-West): Is iad seo a leanas na hionaid i gceist mar aon leis an gcostas measta sna cásanna ina bhfuil sé ar fáil:

Ionad

Costas Measta

Málainn Mhór

£10,000-£32,000*

Málainn Bheag

£25,000-£30,000*

Port Uí Chorráin (réamhmheastachán)

c £0.5m

Cé an Róisín, Ailt an Chorráin

£5,800

Leab Garbh, Árainn Mhór

Níl meastachán ar fáil go fóill.

* Ag brath ar mhéid na hoibre.
Nuair a chuirtear san áireamh an caiteachas measta le haghaidh na scéime móire do na hOileáin Árainn, suim £150,000 le haghaidh suirbhéanna maidir le feabhsú na saoráidí calaíochta ar Thoraigh agus soláthar le haghaidh oibreacha atá ceadaithe cheana féin, níl ach suim an-bheag ar fáil do mo Roinnse le caitheamh are mhuiroibreacha eile i mbliana. Breithneofar na cásanna atá luaite thuas chomh báúil agus is féidir sa chomhthéacs sin.
Top
Share