Éamon Ó Cuív
Question:20 D'fhiafraigh Eamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta cúntóir agus príomhoide a fhágáil i Scoil Náisiúnta Naomh Briochán sa Ghort Mór, Ros Muc, Contae na Gaillimhe, don scoilbhliain 1994-95.
Vol. 443 No. 4
20 D'fhiafraigh Eamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta cúntóir agus príomhoide a fhágáil i Scoil Náisiúnta Naomh Briochán sa Ghort Mór, Ros Muc, Contae na Gaillimhe, don scoilbhliain 1994-95.
Tá socrú déanta ag an Rialtas le Cumann Múinteoirí Éireann maidir le líon na n-oidí a oibríonn i scoileanna náisiúnta. Mar gheall ar an socrú seo, tá líon na n-oidí in aon bhliain amháin ag brath ar líon na ndaltaí a bhí sa scoil ar an 30 Meán Fómhair an bhliain roimhe sin.