Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Jun 1994

Vol. 443 No. 7

Written Answers. - Gaelscoil Nua i nÓrán Mór, Gaillimh.

Éamon Ó Cuív

Question:

202 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a thabharfar aitheantas don Ghaelscoil nua i nÓrán Mór i gContae na Gaillimhe a bhfuil iarratas déanta uirthi.

Fuarthas iarratas im Roinn i mí Bealtaine chun Gaelscoil nua a oscailt i nÓrán Mór i gContae na Gaillimhe le héifeacht ó 1 Meán Fómhair 1994.

Tá an tiarratas seo dá scrúdú sa Roinn faoi láthair agus tá súil agam go dtabharfaí cinneadh ar an scéal sar i bhfad.

Top
Share