Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 23 Jun 1994

Vol. 444 No. 3

Adjournment Debate. - Deontais Reachtála do na Comharchumainn Ghaeltachta.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Stáit, an Teachta Noel Ó Treasaigh, as ucht teacht isteach agus éisteacht leis an gcás seo. Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil beagán díomá orm nach bhfuil an tAire féin i láthair chun an cheist a phlé.

Ar an gcéad dul síos is dóigh liom go mba cheart dom, ó tharla go raibh an Bille um Eitic in Oifigí Poiblí á phlé againn inniu, a rá go bhfuil spéis faoi leith agam sna comharchumainn Ghaeltachta mar dhuine a d'oibrigh i gComharchumann Gaeltachta le fiche bliana agus mar dhuine atá fós ina Chathaoirleach ar cheann de na Comharchumainn seo.

Tá mé mar chathaoirleach ann mar creidim go bhfuil an-tábhacht leis an obair atá ar bun ag na coimharchumainn. Ar ndóigh is go deonach a deintear an obair ar na coistí ar na comharchumainn Ghaeltachta.

Is dóigh liomsa thar aon deis forbartha a chuireadh ar fáil sna Gaeltachtaíle fiche bliana go bhfuil na comharchumainn taréis an tionchar is mó a imirt. Ba iad na comharchumainn ba mhó gur éirigh leo dul isteach sna ceantair is iargúlta.

Tá comharchumainn bunaithe i nDún na nGall, Maigheo, Gaillimh, Rath Chairn agus Ciarraí. Tá siad ag feidhmiú i gceantair nach n-eireodh le gnáth-ghnó dul chun cinn ar bith a dhéanamh.

I mo Dháilcheatar féin tá cúig chomharchumann Gaeltachta i láthair na huaire ag fáil deontais reachtála ó Roinn na Gaeltachta. Is íontach an obair atá curtha ar bun acu. Is íontach an infrastructure atá curtha ar fáil acu don Stáit, do na hoileáin agus do na ceantair in a bhfuil siad ag plé ar bheagán costais.

Mar shampla, má thógaimid Comharchumainn Inis Meáin, is iad a bhunaigh an mhonarcha cniotála ansin atá anois neamhspleách den chomharchumann agus atá ar na dreamanna is mó easportála airí cniotála go dtí an Seapáin agus go Mór-roinn na hEorpa anois.

Cuirtear uisce ar fáil do oileán, bóithre, aer-stráice, leictreachas agus mar sin de. Agus is iad atá i mbun riaradh na scéime leictreachais agus an aer-stráice i láthair na huaire.

Maidir leis an gcomharchumann a raibh plé agam féin leis, de thoradh a gcuid iarrachtaí thar 20 bliana tá os cionn 200 post curtha ar fáil acu agus ceann de na muilinn adhmaid is nua-aimsire agus is mó in Iarthar na hÉireann bunaithe acu.

Tá go leor scéimeanna eile i gceist freisin ar nós Coláiste Gaeilge, scéimeanna ineallra, stóir, scéimeanna caorach agus mar sin de. I gcás Inis Oirr de, is iontach an obair atá déanta acu súd freisin ó thaobh bóithre, aerstráice, turasóireacht, leictreachas agus araoile.

Ceann de na comharchumainn gur theip orthu ná Comharchumann Cois Fharraige. Ach má theip ar an gcomharchumann tá Clódóirí Lurgan fós ann a bhfuil os cionn 30 duine fostaithe acu agus atá ag déanamh go seoigh.

Tá comhairchumann Shailearna ina áit agus i mbun na seirbhísí a bhíodh á shólathar ag Comharchumann Cois Fharraige.

Is comharchumann nua é Comharchumann Conamara Thiar agus tá todhchaí Iorras Aighneach agus Ros Muc ag braith ar thodhchaí an Comhairchumainn sin.

Caithfidh mé a rá freisin nuair atáimid ag caint ar an nGaeltacht nach mbeadh an Ghaeltacht ann murach an teanga Gaeilge. Is dóigh liomsa go mbeadh sé fíor a rá gurb iad na comharchumainn an deis forbartha is mó a thug suntas don teanga in a gcuid iarrachtaí forbartha. In ionad maolú a dhéanamh ar an teanga le forbairt tháinig treisiú ar an teanga tré iarrachtaí na gcomharchumann.

Tá deontais reachtála á íoc leis na comharchumainn leis na blianta fada ach ó 1985 i leith níor tháinig aon mhéadú ar an deontas reachtála sin. Íoctar an deontas reachtála i ngeall ar an obair fhorbartha a dheineann na comharchumainn agus gan an deontas sin ní fhéadfadh na comharchumainn tabhairt faoi obair fhorbartha na gceantar seo.

Is fíor a rá muna dtabharfadh na comharchumainn faoi gur beag forbairt a bhéadh tagtha to dtí áiteanna iargculta ar nós Inis Meain agus Inis Oirr.

Séard atá na comharchumainn ag iarraidh na go gcuirfí méadú ar an deontas reachtála sin agus sin a dhéanamh láithreach leis na cineál costais reachtála atá ag baint le gnótha sa lá atá inniu ann.

Le £20,000 ar an mór-thír agus £22,000 ar na hoileáin, is ionann sin agus níos lú ná leath de na costais reachtála anois. Iarraim ar an Aire breathnú go fábharach ar an éileamh ó na comharchumainn agus ó choistí na gcomharchumann méadú a fháil ar an deontas reachtála le gur féidir leo leanúint leis an obair iontach atá ar bun acu.

Táimid ag iarraidh air freisin áit lárnach na gComharchumann i bhforbairt na Gaeltachta a aithint. Tá go leor scéimeanna nua tagaithe agus imithe idir an dá linn. Tá go leor scéimeanna agus dreamanna nua forbartha pobail á bhunú. Níl ach dream amháin a bhí seasmhach go fad-téarmach agus molaim iad as an tacaíocht leanúnach a thug siad, agus sin iad na comharchumainn Ghaeltachta.

Tá os cionn 300 post cruthaithe acu i gceantar Conamara agus Árainn amháin. Is mór le náireamh 300 post i gceantair mar sin agus dá bhrí sin iarraim ar an Aire aitheantas ceart a thabhairt don obair fhorbartha iontach atá ar bun ag na comharchumainn trí deontas reachtála méadaithe a thabhairt dóibh.

Is oth leis an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, An Teachta Michael D. Higgins, nach bhfuil ar a chumas, bheith i láthair anseo tráthnóna, chun freagra a thabhairt ar an Rún seo.

Aithníonn an tAire go maith, an tábhacht a bhaineann le gluaiseacht na comharaíochta sa Ghaeltacht, gluaiseacht a bhfuil airgead mór curtha ar fáil dí ag a Roinn, agus ag Údarás na Gaeltachta, thar na blianta, mar chúnamh caipitil agus mar dheontais reachtála.

Bíonn obair mhaith ar siúl ag na comharchumainn Ghaeltachta, ar mhaithe le forbairt a gceantar, feidhme agus caomhnú agus leathadh na Gaeilge. Is eol don Aire go maith, áfach, go bhfuil fadhbanna ag comharchumainn áirithe sa Ghaeltacht agus tig leis an Teachta glacadh leis go bhfuil fonn air teacht i gcabhair orthu, chun na fadhbanna sin a réiteach. I dtaca leis sin de, tá athbhreithniú curtha ar siúl aige, ar na comharchumainn — athbhreithniú a chumsíonn éifeacht caiteachais a Roinne orthu. Mar chuid den athbhreithniú sin, lorgaíodh eolas sonrach mar seo a leanas ó na comharchumainn, ag tús na bliana seo:

1. léargas ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl;

2. cuntas ar an staid airgeadais, ar a n-áirítear scairchaipiteal;

3. eolas faoin líon daoine atá fostaithe;

4. cuntas ar fhadhbanna (más ann dóibh) mar aon le cur síos ar phleananna chun na fadhbanna sin a réiteach;

5. léargas ar na deiseanna chun cur le hioncam (seachas trí chúnamh óna Roinn); agus

6. léargas ar an ról a fheictear do chomharchumainn sa todhchaí i bhforbairt a gceantair fheidhme agus i mbuanú na Gaeilge.

Fuarthas an t-eolas cuí a bheag nó a mhór, thar tréimhse ó fhormhór na gcomharchumann agus tá an t-eolas sin á mheas faoi láthair ag a Roinnse, le hionchas tuarascáil chuimsitheach agus moltaí a réiteach, le cur faoina bhráid. Beidh cinneadh le déanamh ansin maidir leis an gceist i gcoitinne.

Maidir leis na deontais reachtála de, tuigeann an tAire go maith nár méadaíodh na rátaí bliantúla le tamall de bhlianta ach tabharfar aird chuí ar cheist na ndeontas sa tuarascáil, a bheidh le cur faoina bhráid. Ní mór a rá, áfach, nach dtig le comharchumainn áirithe, glacadh leis go bhfuil sparán mór ag a Roinnse agus ag Údarás na Gaeltachta chun leanúint ar aghaidh á n-airgeadú, nó á dtarrtháil. Ní foláir dóibh féin céimeanna cinnte a ghlacadh, a luífidh lena n-acmhainní, chun iad féin a chur ar bhonn slán.

Top
Share