Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 19 Oct 1994

Vol. 446 No. 1

Written Answers. - Piaraí i nGleann Cholm Cille.

Dinny McGinley

Question:

120 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ar deontas faighte ina Roinn aige d'oibreacha feabhsúcháin ar chéibheanna Mhálainn Mhór agus Mhálainn Bheag i nGleann Cholm Cille; agus an bhfuil an deontas ceadaithe go fóill. [1664/94]

Tá na hiarratais ar chúnamh chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar na piaraí i gceist á scrúdú fós ag mo Roinnse.

Top
Share