Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 31 Jan 1995

Vol. 448 No. 3

Written Answers. - Fógraíocht Dhátheangach Postanna Múinteoireachta.

Robert Molloy

Question:

123 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aici gur fógraíodh postanna múinteoireachta i réigiúin Ghaeltachta as Béarla amháin; agus an bhfuil sé ar intinn aici céimeanna a thógaint chun na coinníollacha a stiúraíonn an próiséas sin a athrú maidir le ceapachán príomh-oidí agus múinteoirí cúnta i scoileanna náisiúnta chun a dheimhniú go mbeidh postanna i scoileanna Gaeltachta fógraithe i nGaeilge agus i mBéarla i ngach cás; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2175/95]

Is é an bord bainistíochta a dhéanann gach ceapachán múinteora i scoileanna náisiúnta. Níl aon tagairt sna rialacha imeachta do boird bhainistíochta na scoileanna náisiúnta gur gá post a fhógairt i nGaeilge. Is féidir le boird bhainistíochta postanna a fhógairt i nGaeilge nó i mBéarla. Dá bhrí sin, níl sé de dhualgas ar bhord aon sonraí a thabhairt don Roinn faoin teanga a úsáidtear i bhfógra.

Tá sé éigeantach ar bhoird bhainistíochta postanna a fhógairt i nuachtán náisiúnta amháin ar a laghad. Tá na boird bhainistíochta freagrach as costais fógraíochta. Dá mbeadh sé éigeantach na postanna a fhógairt i nGaeilge agus i mBéarla chuirfeadh sé leis na costais ar na boird bhainistíochta.
Top
Share