Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 31 Jan 1995

Vol. 448 No. 3

Written Answers. - Stadas na Gaeilge san Eorap.

Robert Molloy

Question:

48 D'fhiafraigh Mr. Molloy den den Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha an gcuirfidh sé in iúl an mbeadh an Rialtas sásta stádas iomlán oifigiúil/oibre a lorg don Ghaeilge san Aontas Eorpach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas sa chás. [

Is sa bhliain 1973, ar dhul isteach dúinn sa Chomhphobal Eorpach, a bunaíodh stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Cuirtear in iúl go reachtúil é in Alt 3 d'ár gConradh Aontachais.

Úsáidtear an Ghaeilge sna Conarthaí. Tá na Conarthaí bunaidh uile ar fáil i nGaeilge, mar shampla na Conraithe Aontachais, An tAcht Eorpach Aonair agus Conradh Mhaastricht ar an Aontas Eorpach.

Usáidtear an Ghaeilge ar Phasanna na hEorpa i ngach uile bhallstát san Aontas, ar an mbonn céanna leis na teangacha eile.

Níl an Ghaeilge mar theanga oibre de chuid an Aontais agus ní áirítear í ar liosta "teangacha oifigiúla agus oibre Institiúidí an Chomhphobail" a cuireadh le h-ionstram na Comhairle a bhunaigh réir teangacha an Aontais.

I Meitheamh na bliana anuraidh chas oifigigh mo Roinne, maraon le h-oifigigh Ranna eile lena mbaineann go h-áirithe an Roinn Ealaíonn Cultúir agus Gaeltachta le h-ionadaithe roinnt eagras Gaeilge lena dtuairimí ar stadas na Gaeilge san Aontas Eorpach a phlé.

Is dócha go mbeidh córas teangacha na nInstitiúidí i measc na ceisteanna a bheas le plé ag an Chomhdháil idir Ionadaithe na mBallstát (CIB nó Intergovernmental Conference) i 1996. Tá dianscrúdú ar siúl faoi láthair féachaint ar cheart don Rialtas ceist stadas na Gaeilge a ardú ag an CIB i 1996.

Top
Share