Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 Feb 1995

Vol. 448 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teilifís na Gaeilge.

Micheál Martin

Question:

17 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad airgid atá á lorg do Theilifís na Gaeilge i leith na bliana 1995. [2059/95]

Micheál Martin

Question:

18 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an obair fhónta go léir atá déanta ag an Aire ar son an tionscail closamhairc sa tír á haithint, an féidir leis, ag an am seo, sprioc-dháta a thabhairt ar a mbeidh Teilifís na Gaeilge tosnaithe ag craoladh go náisiúnta. [2061/95]

Éamon Ó Cuív

Question:

40 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad airgid as an gcaipín a cuireadh ar RTE a caitheadh ar Theilifís na Gaeilge anuraidh 1994; agus cé mhéad a bheidh á chaitheamh ón bhfoinse seo i 1995 ar Theilifís na Gaeilge. [2086/95]

Eric J. Byrne

Question:

43 Mr. E. Byrne asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he intends allowing educational and foreign language services to share a channel with Telefís na Gaeilge; and if he will make a statement on the matter. [2182/95]

Peadar Clohessy

Question:

47 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl an bhfuil aon athrú ar an gceist maidir leis an tairiscint Teilifís na Gaeilge a bhunú mar a luaigh sé i bhfeagraí ar cheisteanna parlaiminte agus i ráitis Dála i rith 1993 agus 1994; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2166/95]

Peadar Clohessy

Question:

56 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon bhaint ag an iarratas ó RTÉ an táille ceadúnais teilifíse a mhéadú lena dtairiscint chun Teilifís na Gaeilge a bhunú; na costais fheidhmiúcháin a bheadh i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2164/95]

Liz O'Donnell

Question:

67 D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuair sé tuarascáil mhionlaigh ón gCoiste Teicniúil Teilifíse i ndeireadh Lúnasa, 1993, maidir le fadhb sa chóras craolacháin a bhí molta don tseirbhís nua teilifíse trí Ghaeilge; má fuair, an bhféadfadh sé a chur in iúl cén bunús a bhí leis an tuarascáil mhionlaigh seo; agus an bhfuil aon réiteach faighte aige ó shin ar an gceist. [2156/95]

Robert Molloy

Question:

74 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl cén fáth nár comhlíonadh na geallúintí go dtí seo faoi thúsdáta craolacháin Theilifís na Gaeilge; agus an bhféadfadh sé a rá an mbeidh an tseirbhís ar an aer roimh dheireadh 1995. [2157/95]

Tony Killeen

Question:

94 D'fhiafraigh Mr. Killeen den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cathain a thosóidh Teilifís na Gaeilge ag craoladh agus an bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn ina bunú, agus leis an méid airgid atá ar fáil chuige. [2154/95]

Ivor Callely

Question:

97 Mr. Callely asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he will give a breakdown of the total costs to date with regard to Teilifis na Gaeilge; the estimated annual running costs; and if he will make a statement on the matter. [2209/95]

agusGaeltachta (Mr. M. Higgins): Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 17, 18, 40, 43, 47, 56, 67, 74, 94 agus 97 le chéile.

D'fhógair mé le déanaí go raibh cead tugtha agam do RTÉ tús a chur leis na hoibreacha caipitil i ndáil le Teilifís na Gaeilge.

I gcomhréir le cinneadh an Rialtais den 20 Eanáir 1995, íocfar costas iomlán caipitil an togra, a mheastar a chosnóidh £16.1 mhilliún, ón Státchiste agus ón airgead atá carnaithe ag RTÉ ón bhfarasbarr thar an teorainn airgid a leagadh síos faoin Acht Craolacháin, 1990, £6.4 mhilliún le hús carnaithe go dáta atá san áireamh. Tá soláthar déanta sna Meastacháin do 1995 chun deontas-i-gcabhair £3.6 mhilliún ón Státchiste a chur ar fáil maraon leis an tsuim £6.4 mhilliún atá ag RTÉ, rud a chuirfidh ar chumas RTÉ £10 mhilliún a chaitheamh ar oibreacha caipitil i ndáil leis an togra i mbliana. Cuirfear an fuílleach (£6.1 mhilliún) a bheidh riachtanach chun tógáil an bhonneagair theicniúil a chríochnú ar fáil ón Stáchiste i 1996. Cuirfear £32.5 mhilliún ar fáil ón Státchiste i 1995 mar dheontas-i-gcabhair i ndáil le costais reatha, mar aon le £10 mhilliún i 1996. Agus cuirfear £10 mhilliún ar fáil ón Státchiste i ndáil le costais reatha an Stáisiúin nua i 1997 agus sna blianta dá éis.

Mar thoradh ar an gcinneadh seo, beifear in ann an bonneagar teicniúil atá riachtanach don stáisiún a chríochnú. Íocfaidh cionnroinnt an Státchiste do chostais reatha as riarachán bliantúil agus costais fheidhme an stáisiúin agus as uair an chloig de chláir in aghaidh an lae. Cuirfidh RTÉ uair an chloig eile de chláir ar fáil don tseirbhís nua saor in aisce. Ní tharlóidh de thoradh na gcinnithe sin go ndéanfar aon mhéadú ar chostas an cheadúnais teilifíse. Ní bheidh aon bhac ar Chomhairle Theilifís na Gaeilge, i gcomhairle le hÚdarás RTÉ, moltaí a chur os mo chomhair a ghinfeadh cistíocht ó fhoinsí seachas an Státchiste le haghaidh cláir bhreise.

Áireofar sna hoibreacha caipitil atá le déanamh i mbliana ceannach na dtarchuradóirí agus trealamh eile, tógáil agus insealbhú an ghréasáin tarchuradóirí, tógáil agus feistiú an cheannárais i mBaile na hAbhann. Contae na Gaillimhe, agus áiseanna eagarthóireachta ag ceanncheathrú RTÉ i nDomhnach Broc.

San áireamh i dTuarascáil an Choiste Theicniúil ar Theilifís na Gaeilge, bhí tuairisc mhionlaigh ag moladh go mbainfí úsáid as an speictream VHF do Theilifís na Gaeilge. Rinneadh tagairt fhorleathan don ábhar sin i dTuarascáil an Choiste, cé gur aithníodh go mb'fhéidir go gcaithfí ceisteanna polasaí a bhí lasmuigh dá théarmaí tagartha a chur san áireamh sula bhféadfaí cinneadh críochnaitheach a dhéanamh. Is ceist go príomha don Aire Iompair. Fuinnimh agus Cumarsáide speictream minicíochta do chraolacháin raidió a shonrú do Theilifís na Gaeilge. Tuigim go bhfuil i gceist ag a Roinnse ceann den ceithre aicme de mhinicíochtaí teilifíse náisiúnta UHF atá curtha ar leathaobh don tír seo faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a chur ar fáil do Theilifís na Gaeilge.

Tuigim ó RTÉ gur caitheadh thart ar £423,000 d'airgead caipitil go dáta ó airgead and "chaipín", sé sin suim £415,000 i 1994 móide £8,000 i 1995. Tuigim uathu freisin go bhfuil conarthaí ar fíú £1.7 mhilliún breise iad déanta chomh maithe.

I 1994 fuair RTÉ deontas thart ar £565,000 ó Vóta mo Roinnese i ndáil le caiteachas reatha chun an réamh-abair don tseirbhís nua a chur sa tsiúil. Tá suim bhreise de £391,000 íochta ag mo Roinn le RTÉ go dáta i mbliana agus tuigim ó RTÉ go bhfuil thart ar £52,000 de sin caite go dtí seo.

Ar bhonn chinneadh an Rialtais, tá mé ag súil leis go mbeidh an stáisiún nua ar an aer roimh dheireadh 1996.

A Cheann Comhairle, i gcead don Teachta Micheál Martin — agus tréaslaím leis as ucht a cheapacháin — tá earráid chló i gCeist 18, is é sin, ba chóir go mbeadh i ndiaidh "Chun a fhiafraí den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta" na focail "ag aithint na hoibre..."

Cuirim fáilte roimh an chinneadh atá déanta ag an Rialtas agus ag an Aire agus táimid ar an taobh seo den Teach ag tabhairt tacaíochta do Theilifís na Gaeilge agus mar sin de, ach an mbeidh Teilifís na Gaeilge ar fáil ar fud na tíre ar fad agus an bhfuil sé beartaithe aige go mbeidh comhchláir á ndéanamh idir Teilifís na Gaeilge agus lucht teilifíse sa Tuaisceart ionas go bhféadfaí comhoibriú i gcúrsaí cultúir agus teanga agus traidisúin a chothú.

Ón am a cuireadh na chéad mholtaí faoi bhráid an Rialtais a bhí ann roimhe seo i leith chúrsaí Theilifís na Gaeilge, bhí mé ag plé leis na cúrsaí seo go léir agus bhí fúm dul i gcomhairle leis an Rialtas ar thrí ócáid, ach ó thaobh na n-ullmúchán de, ba léir nach mbeadh an tseirbhís ar fáil don oileán ar fad an rud a bhí i m'intinn ón chéad lá. Tuigfidh na Teachtaí go bhfuil an cheist beagáinín casta toisc go gcaithfimid fadhbanna craolacháin i gcoitinne a réiteach i gcomhchainteanna le húdaráis eile. Ach ón tús ba é a bhí i gceist seirbhís a bheith ann don oileán ar fad.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire go mbeidh cláir oideachais á gcraoladh ar Theilifís na Gaeilge. An bhfuil aon chinneadh déanta ag an Aire faoi sin?

Ní an rud atá beartaithe agamsa atá tábhachtach. Tá cúram pholasaí craolacháin go ginearálta orm ach ní bhíonn de nós agam cur isteach ar Radió Teilifís Éireann ná Raidió na Gaeltachta agus ní bheidh mé ag cur isteach ar Theilifís na Gaeilge, ach maidir leis an bpointe a rinne an Teachta is féidir liom a rá go bhfuil lánmhuinín agam as an gcomhairle atá ann agus aon údarás a thiocfaidh ina diaidh. Beidh an chomhairle in inmhe plé le moltaí a bhaineann leis an gcóras craolacháin agus, ar ndóigh, bheadh sé le ciall an córas craolacháin nua seo bheith in ann nithe nua ar nós oideachas teilifíse a fhorbairt.

An mbeidh fáil ó cheart ag Teilifís na Gaeilge ar phictiúir agus áiseanna RTÉ agus an mbeidh costas orthu?

Go dtí seo tá comh-oibriú iontach ann ó RTÉ maidir le coincheap an stáisiúin nua agus is í an chosúlacht atá ar an scéal ná go mbeidh RTÉ lansásta leanúint ar aghaidh leis an gcomhoibriú seo. Bíonn áiseanna ar fáil in RTÉ agus má bhíonn siad in ann cabhrú leis an tseirbhís nua, is ú mo thaithí féin go mbeidh siad lánsásta an comhoibriú seo a chur ar fáil.

Ó tharla gur fógraíodh go bhfuil na huaireanta craolta laghdaithe ó thrí huaire go dhá uair, an gciallaíonn sé sin go mbeidh laghdú ar an líon fost-aithe i dTeilifís na Gaeilge?

Tuigfidh an Teachta, de réir chláir Rialtas Fhianna Fáil agus Pháirtí an Lucht Oibre, go mbeadh seir-bhís dhá go dtí trí huaire ann. An Rialtas ina dhiaidh — sin an Rialtas mionlach — ní raibh siad in ann ceist chostas reatha a réiteach. An Rialtas atá ann faoi láthair, an rud atá socraithe ná go mbeidh ar a laghad an dá uair seo ach is féidir an córas a fhorbairt agus b'fhéidir airgead a fháil ó fhoinsí eile, seachas an Státchiste, chun am breise a chur ar fáil. Caithfidh mé ará gur chuir sé ríméad orm féin go raibh an oiread sin suime ag na Teachtaí éagsúla a thóg ceisteanna faoi Theilifís na Gaeilge agus tá mé lánsásta go n-éireoidh go geal leis an tseirbhís nua.

Top
Share