Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Feb 1995

Vol. 448 No. 5

Written Answers. - Rialach Nua Díolúine.

Trevor Sargent

Question:

86 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais an gcuirfidh sí an t-eolas seo a leanas ar fáil i dtaobh na rialach nua a bhaineann le díolúine ó staidéar na Gaeilge (sonrai tugtha) : an líon duine ar ceadaíodh an díolúine dóibh go dtí seo; an briseadh síos ar an bhfigiúr thuas de réir chuid A, B, C agus D den riail nua faoi seach; an briseadh síos ar an bhfigiúr thuas de réir na gcineál scoileanna, meánscoileanna, scoileanna pobail agus cuimsitheach agus gairmscoileanna. [2429/95]

Dé réir na socruithe nua a tháinig i bhfeidhm le héifeacht ó thús na scoilbhliana 1993-94, tá cead ag údaráis scoileanna díolúine ó staidéar na Gaeilge a cheadú i gcás daltaí a chomhlíonann ceann amháin de cheithre chrítéar a luaitear. Cuirtear cinneadh ar dhíolúine a dheonadh in iúl do thuismitheoir nó do chaomhnóir an dalta i gceist trí theastas scríofa, sínithe ag príomhoide na scoile, go bhfuiltear tar éis an díoluine a dheonadh de réir Rialach leasaithe 46 de na "Rialacha agus Clár do leith Meánscoileanna". Cuirtear cóip den teastas díolúine chuig mo Roinn-se. Ó tháinig na socruithe nua i bhfeidhm, tá teastais eisithe i gcás 1,316 dalta. Mar a leanas a bhí an líon daltaí a chomhlíon gach critéar a luadh:—

A. Daltaí a fuair a mbunoideachas go dtí 11 bliain d'aois i dTuaisceart na hÉireann nó taobh amuigh d'Éireann: 956.

B. Daltaí a bhí cláraithe cheana mar dhaltaí aitheanta i mbunscoil nó i scoil dara leibhéal agus atá á gclárú athuair tar éis dóibh tréimhse trí bliana ar a laghad a chaitheamh thar lear, agus atá faoi bhun 11 bliain d'aois ar a laghad ar athchlárú dóibh: 166.
C. Daltaí a bhfuil trommháchail foghlama ghinearálta nó sonrach orthu: 107.
D. Daltaí ón gcoigríoch nach raibh aon tuiscint acu ar Bhéarla nuair a cláraíodh iad: 87.
Is é seo an briseadh síos ar an bhfigiúr de 1,316 dalta de réir na gcineál scoile:— Meánscoileanna: 1,121; Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha: 65; Gairmscoileanna: 70; Bunscoileanna: 60.
Top
Share