Trevor Sargent
Question:86 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais an gcuirfidh sí an t-eolas seo a leanas ar fáil i dtaobh na rialach nua a bhaineann le díolúine ó staidéar na Gaeilge (sonrai tugtha) : an líon duine ar ceadaíodh an díolúine dóibh go dtí seo; an briseadh síos ar an bhfigiúr thuas de réir chuid A, B, C agus D den riail nua faoi seach; an briseadh síos ar an bhfigiúr thuas de réir na gcineál scoileanna, meánscoileanna, scoileanna pobail agus cuimsitheach agus gairmscoileanna. [2429/95]