Is é aidhm na Scéime Saorbhreosla Náisiúnta ná cabhair a thabhairt do theaghlaigh atá ag fáil íocaíochtaí fadtéarmach ón Roinn Leasa Shóisialaigh nó na boird sláinte agus nach bhfuil in ann íoc as a dteas féin.
Sa chás seo tá an bean ag fáil sochar míchumais agus níl an liúntas saorbhreosla iníoctha leis an sochair seo mar is íocaíocht ghearrthéarmach í. Toisc go bhfuil an fear céile ina chónaí le duine atá ag fáil íocaíocht nach bhfuil cáilithe mar íocaíocht lena íoctar an liúntas saorbhreosla náisiúnta níl sé i dteideal an liúntas saorbhreosla a fháil ach an oiread.
Bheadh costasaí breise i gceist chun an scéim seo a leathnú chun earnálacha breise a scaoileadh isteach. Chaithfí na hacmhainn atá ar fáil faoi láthair a thabhairt san áireamh dá mbeadh an cheist seo á mheas.