Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Feb 1995

Vol. 449 No. 1

Written Answers. - Ticéidí Compánacha do Phinsinéirí na nOileán.

Éamon Ó Cuív

Question:

182 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Leasa Shóisialaigh an bhfuil sé sásta ticéadaí compánacha a thabhairt do dhaoine ó na h-oileán a bheidh ag taisteal le pinsinéirí atá os cionn 75 bliain d'aois ar sheirbhísí Aer Árann mar go bhfuil go leor de na seandaoine in Árann nach bhfuil mórán Béarla acu agus mar sin go mbíonn gá le companach a bheith leo nuair atá siad ag tabhairt cuairte ar Ghaillimh. [2690/95]

Cheapadh na ticéidí compánacha i gcóir daoine nach féidir leo buntáiste a bhaint as na gnáth-pasanna toisc gur daoine iad a bhfuil míchumas coirp nó meabhar acu agus nach bhfuil sé ar acmhuin acu taisteal gan cabhair. I láthair na h-uaire, ní eisítear na ticéidí compánacha ach do daoine atá i dteideal sochair leasa shóisialaigh nó sochair sláinte i leith míchumais a fháil. Meastar gurab iad daoine le meabhar-galar nó daoine atá dall a bhfurmhór.

Os rud é nach daoine iad go bhfuil míchumais ag goilliúint ortha na daoine a bhaineann an cheist seo leo, níl sé de chumhacht agam, fé láthair, ticéidí compánacha a thairiscint dóibh.

Top
Share