Éamon Ó Cuív
Question:75 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén uair a aistreofar daoine (sonraí tugtha) as an gCoilleach, An Spidéal, Contae na Gaillimhe, atá mar othair faoi láthair in Ospidéal Naomh Breandáin i mBaile Locha Riach, go teach banaltrais níos gaire; agus an bhfuil sé sásta breathnú go báúil ar iad a fháil aistrithe go dtí Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua ó tharla go bhfuil siad anois dhá bhliain in Ospidéal Naomh Breandáin. [5910/95]