Tá feidhmeanna ginearálta dáilithe agam ar an Aire Stáit ag mo Roinnse, Donal Carey Uasal, T.D., i ndáil leis na réimsí oibre seo a leanas le héifeacht ó 28 Feabhra 1995:
Deontais Tithíochta sa Ghaeltacht
Scéim Labhairt na Gaeilge
Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
* Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht
* Cúrsaí Oileáin
* Obair áirithe i ndáil le hÚdarás na Gaeltachta
Maidir leis na réimsí oibre atá marcáilte le *, tá freagracht coinnithe agam féin i ndáil le cásanna i nGaeltacht na Gaillimhe a mbeadh eolas speisialta agam ina leith ar bhonn ionadaíochta agus riaracháin.
Níl na feidhmeanna tiomnaithe ar an Aire Stáit de réir Ordú agus is féidir liom dualgais bhreise a thiomnú air ó am go ham ar bhonn ad hoc.