Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Apr 1995

Vol. 452 No. 2

Written Answers. - Inis Mór (Galway) Water Supply Scheme.

Helen Keogh

Question:

37 Ms Keogh asked the Minister for the Environment the reason for the delay in approving site investigation tenders submitted by Galway County Council in connection with improvement to the Inis Mór public water supply scheme; and if he will make a statement on the matter. [5055/95]

Éamon Ó Cuív

Question:

77 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil cén uair a bheidh cinneadh déanta ar an réamhthuarascáil a chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe ar fáil maidir le scéim uisce Inis Oírr. [3102/95]

Éamon Ó Cuív

Question:

78 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil cén uair a thabharfar cead do Chomhairle Chontae na Gaillimhe an conradh fiosraithe suíomh a shíniú do scéim uisce Inis Mór ós rud é go bhfuil na tairiscintí curtha chuig an Roinn Comhshaoil le roinnt míonna. [3103/95]

Tógfaidh me Ceisteanna Uimh. 37, 77 agus 78 le chéile.

Tá sé beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe scéimeanna nua soláthar uisce a chur ar fáil do na hoileáin Inis Mór, Inis Meán agus Inis Oírr ar chostas £4.9 milliún. Tá sé i gceist ag mo Roinn cabhair a lorg ón gCiste Comhtháthaithe do na tograí seo i gcomhthéacs tairiscint iomlán do Chonamara agus na hoileáin Árann araon.

Tá cead tugtha ag mo Roinn le gairid do Comhairle Chontae na Gaillimhe glacadh leis an gconradh fiosrú suíomh do Scéim Uisce Inis Mór.

Top
Share