Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 May 1995

Vol. 452 No. 3

Written Answers. - Plean Forbartha do Ghaelscoil i nGaillimh.

Robert Molloy

Question:

61 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an bhfuil plean forbartha Campus Ghaelscoil Mhic Amhlaigh faighte aici; má tá, an bhfuil sí sásta tacaíocht a thabhairt don phlean; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [7858/95]

Tá plean forbartha Campus Ghaelscoil Mhic Amhlaigh faighte agam. Tá na prionsabail sa phlean ionmholta agus tacaím leo.

Bhuail oifigigh de chuid mo Roinne le ionadaí na scoile an tseachtain seo caite chun pleanáil na scoile buaine atá beartaithe a chur chun cinn. An chéad chéim eile sa phroiséas ná láithreán oiriúnach a aimsiú agus tá teangmháil déanta le Bardas na Gaillimhe ina thaobh seo.
Top
Share