Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 May 1995

Vol. 453 No. 4

Adjournment Debate. - Fanán ar Inis Oírr.

Sa bhliain 1992 nuair a bhí an Páirtí Daonlathach sa Rialtas rinne an Rialtas sin cinneadh dhá mhórchéibheanna a thógáil ar na hOileáin Arainn, Inis Meáin agus Inis Oírt. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh ó shin go sásúil agus creidim go mbeidh an obair críochnaithe ag deireadh na bliana seo.

In Inis Oírr tá muintir an oileáin ag iarraidh go dtógfaí fánán nua taobh leis an gcé nua atá á tágáil agus a bheidh críochnaithe ag deireadh na bliana. Bhí gá mór leis na céibheanna seo ar an dá oileán ionas nach mbeadh ar na hoileánaigh a thuilleadh dul amach ar churrachaí chun earraí a iompar isteach ón mbád farantóireachta. Nuair a bheidh na céibheanna tógtha beidh na báid farantóireachta in ann teacht i dtír ag na céibheanna agus ní bheidh cruatan ar na hoileánaigh arís. Is maith an rud é go mbeidh an áis seo ar fáil go luath ach chun foscadh a thabhairt do na bádóirí agus do na hiascairí ar an oileán tá gá le fánán a thógáil. Tá iarratas curtha isteach go dtí An Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag muintir an oileáin. Níl scéal faighte acu fos an bhfuil an Roinn sásta cabhair a thabhairt chun an fánán seo thógáil. Is é an chéad rud atá ag teastáil ná suirbhé chun meastachán ceart a fháil ar an gcostas a bheadh i gceist. Creidtear nach gcosnódh an suirbhé sin ach cúpla míle punt. Ar ndóigh chosnódh an fánán féin suas le céad míle punt b'fhéidir.

Ba mhaith liom a chur ina luí ar an Aire go bhfuil seo fíor-thábhachtach. Muna dtógfar an fánán ní bheidh ach leath den obair déanta ag an Rialtas ar son na n-oileánach. Tá mé cinnte go mbeidh an tAire fábharach don iarratas seo mar fhear ón Dáilcheantar céanna. Tá súil agam go mbeidh sé in ann a fhógairt anseo anocht go bhfuil sé fábharach agus go mbeidh sé ag tabhairt cead don suirbhé seo dul chun cinn, go gcuirfear an tairgead ar fáil agus sa deireadh go rachfar ar aghaidh ag tógáil an fhánáin ionas go mbeidh an áis sin ar fáil do na hoileánaigh.

Táim buíoch do mo chomhleacaí ó Ghaillimh Thiar, an Teachta Robert Molloy, as ucht an cheist seo a ardú.

Faoi mar is eol don Teachta tá mórscéim mhuiroibreacha ar siúl ar na céibheanna ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr ag Roinn na Mara thar ceann mo Roinnese ar chostas measta de £4.5 million. Tá na hoibreacha á gcur i gcrích chun freastal ar riachtanais na seirbhíse farantóireachta chuig na hoileáin agus ar mhaithe le tionscal na hiascaireachta agus fhorbairt eacnamaíoch na n-oileán i gcoitinne. Cuireadh tús leis an obair dhá bhliain ó shin agus ag deireadh na bliana seo caite bhí breis is £2.7 milliún caite ar an togra. Bhí athas orm an t-airgead a aimsiú don obair sin. Tá i gceist go gcríochnófar an obair i mbliana ar chostas timpeall £1.8 milliún agus tá obair na bliana seo cheana féin tosaithe.

Mar a dúirt mé is suim £4.5 milliún atá ar fáil don mhórscéim ar Inis MeáinInis Oírr agus, má bhíonn aon oibreacha breise i gceist ar cheachtar den dá oileán, ní foláir nó go mbeifear in ann iad a chur i gcrích laistigh den tsuim sin.

Nuair a bheidh an obair curtha i gcrích beidh báid fharontóireachta in ann teacht i dtír go sábháilte in aon aimsir go dtig leis na báid sin feidhmiú. Chomh maith leis sin beidh feabhas mór ar na háiseanna d'iascairí, do mhuintir an oileáin i gcoitinne agus do thurasóirí.

Bhí oifigigh de chuid mo Roinnse agus de chuid Roinn na Mara i gcomhairle leis an bpobal áitiúil ón tús maidir leis an togra seo. Aithním go gcaithfear aird a thabhairt ar thuairimí agus barúlacha an phobail áitiúil i leith togra dá leithéid agus gur ciallmhar an mhaise é sin a dhéanamh nuair a ghlac mé le moladh go gcuirfí fad 10.25 méadar ar chostas measta £100,000 leis an bpiara atá ann cheana féin ar Inis Oírr, go príomha le nach mbeidh cur isteach ar thionscal na tuarasóreachta, atá an- tábhachtach don oileán, agus mar chabhair do bháid farantóireachta teacht taobh le cé fad is a bheidh an mhórscéim mhuiroibreacha ag an oileán á cur i gcrích. Sé sin ionas nach gcaillfidis an trácht a bhí acu.

Fuarthas litir ó Chomhar Caomhán Teo níos luaithe i mbliana maidir leis na móroibreacha mara ag an gcé ag Inis Oírr á moladh go dtógfaí fánán nua in aice na cé atá tógáil ar Inis Oírr. D'iarr mo Roinnse comhairle ar Roinn na Mara maidir leis an ngá atá le fánán a thógáil agus maidir leis an gcostas a bheadh i gceist. Chomhairligh Roinn na Mara go mbeidh gá le triail a dhéanamh ar dtús chun na féidearthachtaí a bhainfeadh le fánán a thógáil a shoiléiriú.

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil deontas lánchostais de £5,000 ceadaithe agam chun a chumasú do Roinn na Mara an triail sin a dhéanamh agus breithneoidh mé an cheist nuair atá torthaí na trialach ar fáil.

Top
Share